Accessibility


Font sizing

Contrast

Monochrome

Sign up to ITMA Archive

Signing up to the ITMA archive provides the ability to save content you find across the site and access directly from your own dashboard.

Register now

Login

An binsín luachra, song

Collected by Séamus Ennis from Meaigí Nic Dhonncha (Meaigí Sheáinín Choilmín), c. 1914-1975

An binsín luachra, song / Bríd Ní Mhaoilchiaráin, singing in Irish

An binsín luachra, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1280: 212-214

An Binsín Luachra (ceól 31)

An Bínnsín Luachra

 

B’fhurusd’ aithinte dhom an uair údan a luaú mé go h-óg le mnaoi

Nach ndéanfainn baint ná bualadh ná stuaim ar bith in aice ‘n tighe,

Tá mo bhothán fuadaighthe – ‘sé ‘dhualgas an sruth b[?h]eith thríd,

‘S ní fhásann cíb ná luachair ar na tuartha* seo ná mórán fraoígh.

 

Nuair a scallanns grian a’ tsamhra nach fánn é mo leagan súl

‘Mo sheas’ ós cíonn mo láidhe agus ‘ fánach lag mar ghearrainn fód

Mo mhallacht-sa go’n Eáglais mar sí d’fhága mé gan pléadhchain** leób

‘Snach deas a thairneóinn snáthaín fré mrá deasa ‘stigh sa ló.

 

Níl stoca ‘rum  ‘sníl bróg a’am ‘sníl stóilín a’am a suidhfinn síos

Níl mo bhríste’r fóna’ sdar ndóinín tá mo phluid gan fíll,

Tá mo chóitín stróicithe agus ‘gearr go dtóigfear mo dhá bhó ‘n sa’ gcíos

Tá ‘lán go lucht an ósta tíocht anuas orm faoi luach na dighe.

 

‘Chailín deas na luachra nó’n truagh leat mo bheart ar lár,

Nó ‘dtiocá liom ar uaigneas faoi bhruach na coille’s deise bláth,

Sagart ní bhfuighidh scéal orainn ná aon duine*** beó ‘gCrích**** Fáil,

Nó go dtaga caint do’n chéirseach agus Gréigis go’n laidhirín trágha.

 

[ó Mháire Sheáinín Choilmín a bhfuil roimhe seo]

Mheáll tú mise bhuachaill lé do chluanaidheacht ‘sníl maith dhuit ánn,

‘Snach iomú cailín stuamdha ag iúmpar uala’ ‘gus a’ gul go fáin

B’fhearr liom ‘baint na luachair ‘sgá tuargaint***** gach uile lá,

Ná do leanabh ar mo ghualainn ‘cuir do thuairisc is gan tú le fáil.

 

A Mháirín thug mé grá dhuit ‘mo chrádh go deó má cheilim thú

Ar oileáinín Chruach Pháraic ‘san áit nach snámhann bád ná lúng,

Is fada  na trí ráithe chaith mé’g áirdeall ort cois claidhe ‘gus túm

Mar shúil is go bhfuínn sása’ ort i’ ndearna tú go mhagadh fúm.

 

Ó Sheáinín Chiilmín McDonagh (74)

Chonnaic mise’ stuaimbhean ‘sí faoi bhruach na coille is glaise bheáll(?)

Beart is bínnsín buailte ‘ci dhe’n luachair ba glaise bláth

 

 * Tuartha – “áit a mbeadh ba ar féarach”
** pléidhe – níor thuig Máire an line.
*** Ní fhuaimightear an “d”.
**** Ní fhuaimightear aon “c” ná “h” annseo
***** Tuargaint – briseadh agus brughadh luachra