The Irish Traditional Music Archive (ITMA) is committed to providing free, universal access to the rich cultural tradition of Irish music, song and dance. If you’re able, we’d love for you to consider a donation. Any level of support will help us preserve and grow this tradition for future generations.
Brian Ó Domhnaill, ag casadh 4 amhrán a bhailigh Séamus Mac Aonghusa i nDún na nGall ó Dhonncha Ó Baoill
(Dinny Pháidí Duncaí), Leitir Catha, Loch an Iúir. B’as Loch an Iúir a athair, Páidí Duncaí (Duncan), Phós Páidí Bidí Thomáis Fheidhlimí as An Airdmhín. Bhí teaghlach seisear iníonacha agus beirt mhac acu – Peigí, Mary, Lizzie (Sibéal), Annie, Rosaleen, Kitty, Tom agus Dinny (Donncha). Bhí Dinny ina phríomhoide i scoil Ghort an Choirce. Phós sé May Ní Channóin a fuair bás óg. Bhí sé ar maos i seanchas agus sa stair áitiúil. Bhailigh sé mórán sean-amhrán agus bhí sé i dteagmháil le hEnrí Ó Muirgheasa nuair a bhí sé i mbun Dhá Chéad de Cheolta Uladh a thabhairt le chéile. Mhair sé ó c. 1901 go dtí na 1960idí. Bhíodh damhsaí sa halla i Leitir Catha aige oíche Dhomhnaigh agus Céadaoine. Ar an 1 Feabhra 1945, scríobh Ennis go raibh litir faighte aige ó Dhonncha Ó Baoill, O.S., cúpla lá roimhe sin ag iarraidh dornán amhrán. Scríobh Ennis: ‘Duine é a thug slám mór ceoil is amhrán agus cúnamh mór dhom in mo chuardach i dTír Chonaill fómhar 1943 agus earrach 1944, agus arís i bhfómhar na bliana sin. Ba lena mhuintir i Leitir Catha a bhí mo lóistín is mé ag obair thiar sna Rosaibh agus ba daoine geanúla i gcónaí iad.’ (Féach CBÉ 1296: 288).
Ba dlúthchairde iad Séamus Ennis agus Donncha Ó Baoill faoi mar a thugtar faoi ndeara sa dialann. Bhí an-tóir ag gach aon nduine acu ar cheol, ar amhránaíocht agus ar iascaireacht. Déantar tagairt do na damhsaí agus na hócáidí sóisialta eile a ndeachadar fhad leo ar bhonn rialta. Scríobh Ennis, mar shampla, don 16 Lúnasa 1943: ‘Chaitheas an oíche óna hocht go dtína dó le Dinny agus a dheirfiúr agus scríobhas slám amhrán uathu. Níl na focail ach go breac acu ach tá siad scríofa síos ag Dinny, deir sé. Fonnadóirí an-bhinn é féin agus Lizzie, a dheirfiúr.’ Dúirt an bailitheoir béaloidis, Seán Ó hEochaidh amhráin ag seisiún amháin. Scríobh Ennis ar an 24 Lúnasa 1943: ‘Chuas síos go dtí Dinny Boyle le mo leabhar agus shocraigh muid ar dhul amach go dtí an trá agus a bheith ag scríobh agus ag snámh. Casadh Seán Ó hEochaidh i nGort an Choirce dhúinn agus shuigh mise síos ar shuíochán an Hotel ar a 11 a.m. le hamhráin a scríobh uaidh fán ghrian. Shuigh Dinny síos agus bhíodar araon ag tabhairt amhrán uathu go dtí a trí a chlog. Chuamar chun dinnéir agus chuas go dtí Dinny arís ina dhiaidh sin agus scríobhas tuilleadh uaidh go dtí a seacht’. Léiríonn cuntas an 3 Meán Fómhair 1943 an spéis san iascaireacht: ‘Chaitheas an mhaidin ag iascach le Dinny i mbád ar Loch an Iúir – cúig bhric bheaga’ agus ar an 27 Meán Fómhair an bhliain dar gcionn scríobh sé: ‘Bhí Dinny sa mbaile aréir nuair a tháinig mé. Chaith muid an lá inniu ag iascach. Ní bhfuair muid ach cúpla breac geal. Bhí éirí ar bhradán amháin ach chaill sé é.’