The Irish Traditional Music Archive (ITMA) is committed to providing free, universal access to the rich cultural tradition of Irish music, song and dance. If you’re able, we’d love for you to consider a donation. Any level of support will help us preserve and grow this tradition for future generations.
Tá Ferdia Ó Cairbre i mbun MA i gCleachtais Cheoil Chomhaimseartha in Ollscoil Mhá Nuad agus ullmhaíodh an blag seo mar chuid dá obair chúrsa agus de chomhoibriú leanúnach idir Ollscoil Mhá Nuad agus Taisce Cheol Dúchais Éireann
Luaite mar eiseamláir de shaol na hÉireann sa naoú haois déag,[1] ní hamháin gur thacaigh Seán Mac Héil (1791–1881), Ardeaspag Thuama, le hardaidhmeanna náisiúnacha trína bhaint dhiongbháilte le gluaiseacht an Rialtais Dúchais agus cearta talaimh, ach trí litríocht dhiagachta, chlasaiceach, agus chomhaimseartha a aistriú go Gaeilge chomh maith. Mar gheall ar an dúil a bhí aige do Irish Melodies le Thomas Moore, d’aistrigh Mac Héil cuid mhór d’amhráin Moore; theastaigh uaidh a dton náisiúnta a thabhairt d’fhir thuaithe níos boichte, agus iad gléasta ar bhealach a d’fheilfeadh do bhunús ard na n-amhrán úd.[2]Tá seacht n-eagrán de na haistriúcháin seo ag Taisce Cheol Dúchais Éireann faoi láthair, ón leabhar bunaidh ó 1842 go trí bhailiúchán iarbháis a chuir Tomás Ó Néill Ruiséal in eagar. Bhí meas ollmhór ag Moore ar Mhac Héil agus ar a chuid aistriúchán, agus luaigh an comhfhreagras foilsithe eatarthu a chuid bróid agus náire maidir lena easpa Gaeilge:
Is féidir staidéar a dhéanamh ar chuid mhór réimsí spéisiúla agus na haistriúcháin seo á phlé, mar shampla an chaoi gur dheileáil Mac Héil le meadaracht na bhfonn bunaidh, cuid mhór botún clóghrafach (a cheartaigh Ruiséal), agus an chaoi gur cuireadh na haistriúcháin san áireamh i nuachtáin náisiúncha.[3] Seasann athruithe séimeantacha Mhic Héil amach láithreach, áfach; is minic a d’athraigh sé mínithe na líricí le Moore, a luaigh grá tíre ar aon nós, agus dá bharr, léirigh sé cruachás na hÉireann faoi riail na Breataine ar bhealach níos láidre.
Is sampla maith é ‘Gidh so m’Amharc Déigheanach ar Eirinn a Chaoidh [sic]’ (‘Though the Last Glimpse of Erin’, a úsáideann ceol an fhoinn ‘An Chúilfhionn’) den chaoi a d’athraigh Mac Héil focail áirithe chun trácht a dhéanamh ar stádas na hÉireann ag an am sin.
Maidir leis an líne, ‘Where the eye of the stranger can haunt us no more’, tá sé suntasach go n-aistríonn Mac Héil ‘stranger’ go ‘námhaid’. Treisíonn sé an t-athléamh seo nuair a chuireann sé ‘the foes we leave frowning behind’ i láthair mar dhaoine atá ag díbirt mhuintir na hÉireann: ‘an námhaid, tá d’ár n-díbirt as díon [sic]’. Dá bhrí sin, cruthaíonn Mac Héil, ó théacs a rinne tagairt de mhian an scéalaí maidir leis an ‘Sasanach teann’ a sheachaint, agóid shoiléir in aghaidh ansmacht na Breataine.
Cé go ndéantar na hathruithe seo gan trácht, cuirtear roinnt eile in iúl do léitheoirí gan scáth. Cuireann ‘While History’s Muse’ le Moore Diúc Wellington, oifigeach Breatanach a rugadh in Éirinn, i láthair mar shoitheach féideartha athmhuintearais idir Éirinn agus Sasana. Mar gheall ar easaontuithe pearsanta agus polaitíochta bainteach le feachtais Wellington i gcoinne Fhuascailt na gCaitliceach, áfach, bhí Mac Héil den tuairim gur namhaid de chuid na hÉireann a bhí ann. Dá bhrí sin, chuir an t-Ardeaspag ‘car a croidhe [sic]’ in áit ainm Wellington i dtéacs Moore, agus mhínigh sé an cinneadh úd i nóta barrúil:
An rud is suntasaí faoin aistriúchán seo ná go raibh tionchar díreach ag focail ionaid Mhic Héil ar phriontáil an leagain bhunaidh le Moore as Béarla san eagrán ó 1879. Sna áiteanna ar priontáladh ainm Wellington sa leagan ó 1871, cuireadh ‘patriot’, ‘cherish’d one’, agus ‘hero’ ina n-ionaid. B’athrú suntasach é seo, go háirithe toisc gur foilsíodh an t-eagrán seo sna Stáit Aontaithe, rud a chiallaíonn go bhfuil seans ann go raibh gaol iomlán uathúil ag léitheoirí Meiriceánacha le téacs bunaidh Moore mar gheall ar aistriúchán saofa Mhic Héil.
Is féidir sampla eile athainmnithe a thabhairt faoi deara i gcás ‘The Prince’s Day’ le Moore (a thugtar ‘Tho’ Dark Our Are Sorrows’ air uaireanta), a scríobhadh do Phrionsa na Breataine Bige ach a d’athraigh Mac Héil chun go mbeadh ceiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig i gceist. Ar an mbonn sin, d’athraigh sé na focail ‘Prince’s Day’ i líne dheireanach gach véarsa chun seo a léiriú, agus b’athrú é seo a bhí éifeacht iarmhartach aige ar chuma an téacs bhunaidh le Moore. Dá bharr, cuireadh nóta cosúil leis an gceann thuasluaite san áireamh san eagrán ó 1879, agus mheas na foilsitheoirí úda gur tasc riachtanach é ‘He loves the Green Isle’ a athrú ar bhealach slógaidh go ‘We love the Green Isle’:
Mar sin, tá cosúlachtaí le feiceáil maidir le hobair aistriúcháin Sheáin Mhic Héil agus a chuid scríbhinní paiseanta agus feachtas náisiúnach. Ina chuid aistriúchán agus i macasamhlacha na dtéacsanna le Moore, thug an cumasc den Ghaeilge agus de mheadaracht an cheoil deis roinnt focal a bhí lán le nuance tírghrách agus fiúntach sna comhthéacsanna úda a chur san áireamh.
[1] Hilary Andrews, The Lion of the West: A biography of John MacHale (Dublin, Veritas, 2001), p. 339.
[2] John MacHale, A Selection of Moore’s Melodies, translated into the Irish language by The Most Reverend John MacHale, Archbishop of Tuam (Dublin: James Duffy, 1871), pp. v–x.
[3] For example, see ‘Tríd Innis Fáil’, An Gaodhal, 2.11 (9 January 1883), p. 249 <https://imirce.universityofgalway.ie/p/ms/asset/103060?lang=ga> [accessed 8 April 2026].
Thaifead Iarlaith Mac Gabhann na taifid sa seinnliosta thuas i stiúideo Thaisce Cheol Dúchais Éireann. Is í Heather Wallace a chur an blog ar-líne.
Bibliography
Andrews, Hilary, The Lion of the West: A biography of John MacHale (Dublin, Veritas, 2001)
MacHale, John, A Selection of Moore’s Melodies, translated into the Irish language by The Most Reverend John MacHale, Archbishop of Tuam (Dublin: James Duffy, 1871)
MacHale, John, A Selection of Moore’s Melodies, translated into the Irish language by the Most Reverend John MacHale, Archbishop of Tuam (New York: Lynch, Cole & Meehan, 1879)
MacHale, John, A Selection of Moore’s Melodies, translated into the Irish language by the Most Reverend John MacHale, Archbishop of Tuam (New York: Lynch, Cole & Meehan, 1880)
MacHale, John, A Selection of the Most National and Popular of Moore’s Melodies with Translation in Irish by The Late Most Rev. John MacHale, Archbishop of Tuam, ed. by T. O. Russell (Dublin: M. H. Gill & Son, 1899)
MacHale, John, A Selection of the Most National and Popular of Moore’s Melodies with Translation in Irish by The Late Most Rev. John MacHale, Archbishop of Tuam, 2nd edn, ed. by T. O. Russell (Dublin: M. H. Gill & Son, 1901)
MacHale, John, A Selection of the Most National and Popular of Moore’s Melodies with Translation in Irish by The Late Most Rev. John MacHale, Archbishop of Tuam, 3rd edn, ed. by T. O. Russell (Dublin: M. H. Gill & Son, 1903)
MacHale, John, Moore’s Melodies in Irish by his Grace the Archbishop of Tuam (Dublin: John Cumming, 1842)
‘Tríd Innis Fáil’, An Gaodhal, 2.11 (9 January 1883), p. 249 <https://imirce.universityofgalway.ie/p/ms/asset/103060?lang=ga> [accessed 8 April 2026]