Accessibility


Font sizing

Contrast

Monochrome

Sign up to ITMA Archive

Signing up to the ITMA archive provides the ability to save content you find across the site and access directly from your own dashboard.

Register now

Login

An cóta mór stróicthe, song

Collected by Séamus Ennis from Seáinín Choilmín Mac Donncha (Seáinín Choilmín), 1869-1954

An cóta mór stróicthe, song / Caitríona Ní Cheannabháin, singing in Irish

An cóta mór stróicthe, song, handwritten by Séamus Ennis, CBÉ 1280: 251-253

An Cóta Mór Stróicthe

Seán ‘ac Dhonnacha as Loch Mór (taobh thoir de Ghailli’) a bhí ar a’ bhfear agus Búrcach a bhí ar a’ bhfear eile (as an áit céanna) agus de Mháilleach an bhean a ra’n bheirt ag faire uirthe. D’iarr an Búrcach an bhean a’damsa i dteach an cheóil. D’eitigh sí annsin an Búrcach.  D’iarr Mac Dhonncha ‘nnsin í agus chua’ sí a damsa leis. Ghlaoidh an Búrcach annsin droch-ainim ar an bhean óg agus ní rinne Mac Dhonnacha annsin ach breith ar an iarann ar an mbeaic agus an Búrcach a mharbhú leis an iarann. Rith sé annsin agus lean na gardaí é. Chaith sé lá is bliain ansin i Leitreach Árd. Bhí sé ina bhuachaill ag Seán ‘ac Dhonncha eile annsin ar feadh bliana. Fuair Seán ‘ac Dhonncha as Leitreach Ard, fuair sé freeáilte ansin ón seisiún é nuair a bhí lá ‘s bliain thuas aige. D’imigh sé ‘bhaile ansin agus chua’ sé go Dúbh-Leitir ar a bhealach abhaile dhó agus chaith sé seachtmhain ag ól poitín annsin agus d’fhága sé ‘n ‘Cóta Mór Stróicthí’ déanta ansin ag imtheacht dhó. Nuair chua sé abhaile bhí an bhean a’ guil a’ pósadh agus nuair a chuala sí go rá’ sé ‘stigh thréig sí an fear eile agus chua sí leis féin.

Céad anois atá sé díreach ó rinniú an t-amhrán. Bhí an scéal agus an t-amhrán ag m’athair, beannacht Dé le n’anam.

 

Tá mo chóta mór stróicthí ó Dhónach ‘s é ‘sileadh liom síos,

An t-é chuirfeadh cóir air, mo bhrón, tá sé ‘ bhfad as mo línn,

Tá táilliúir glan cóir ‘san Áird Mhór mar tá Tomáisín Bán*

Agus cuirfe sé green velveteen air is beilt faoina lár.

 

Ghluais mé thar sáile le Máilligh ar uair a’ mheán-oidch’

Bhuail mé faoi Bhúrcaigh, dream diúltuíú as flaithis na naoíú,

D’fhág siad le fán mé ‘cuir fáirnéis cá gcodlochainn ‘san oidch’,

Thóig siad ‘mo cheó mé ‘stá tóir orm amach faoi Thráighlí.

 

Tá m’ioscaidí liúnta ó shíor-shiubhal na móinte seo siar,

Tá mo loirigní gearrtha’s níl áit a’am a leigfinn mo scíth,

Tá mé ‘bhfad ó mo mháthair ‘s níl áit a’am a leigfead mo scíth,

Tá súil le Rí na nGrást’ a’am nach mbeidh fan orm ach tamall ‘s cén bhrígh.

 

‘S tá céad fear a shíleanns má shaothruíonn sé gine nó dhó,

Nach mbainfe sé píghinn as sin choídhch’ nó go gceannuíghidh sé bó,

Ó’s mise nár chuímhr’ ar a’ gcríonnacht, ‘s nár chaith mé go leór,

Ní cuirfear mé choídhch’ gan bráithlín agus connra faoi’n bhfód.

 

Céad slán duit a Loch Mór, ‘sé mo bhrón gan mé ‘nocht lé do thaoíú

Is iomú sin bóthar fad’ uaigneach ‘ guil eidir mé’s í

‘S ann a bhíodh ceól a’ainn gach Dónach is gaisce ‘na suibhe,

‘S bhí ‘n jug ar a’mbórd ánn ‘s mo stór go fial fairsing á roínnt.

 

Tá mo mháithrín tinn tréith-lag, ‘s í go h-aonraic ar chaltha na mbád,

A’ gol ‘s a’ caoíneadh chuil’ oidche ‘s ag éirighe dho’n lá,

Tá ‘comrádaidhe sínte ‘gCill Bhríghde agus leac ar a cheánn,

‘S tá ‘mac ‘fud na tíortha ‘na cheánn siamsa ‘s na raluidhe le mrá.

 

Fad ‘s bhéas mé beó ‘n-Éirinn, ní thréigfe mé imirt ná ól,

Fad ‘s bhéas mé beó ‘n-Éirinn, ní thréigfe mé cualódar óg,

Dhiún fear a phógfadh mo stór ‘s mé bheith ar a shuídhe,

Nach mbainfinn de’n tsrón, nó ba láidir a charaid ‘sa tslighe.

 

Dar mo mhilleadh ‘s dar mo bhuaile(?)’s dar mo mhóide ní shuidhfe mé síos,

I gcualódar ban óg, go deó deó ní ghotha mé ‘ríst,

Chonnaic mé mo stór ‘sí dhá pógadh ag fear chois a’ tighe,

Thuit a’ sruth deór liom agus hobair go mbrisfeadh mo chroí.

 

  • Deir Seán Geary (Aill na Brón) liom gur bean an táiliúra, Tomáisín Bán ó Donnachú, An Áird Mhóir, a rinne an ceathrú seo agus a chuir leis an amhrán é, agus nach ra’ sé ‘san amhrán an chéad lá riamh’. Is dócha gur fíor é. S.MacA.

Nóta  le hathscríobh an cheoil:

Scríobh Ennis ‘Go réidh’ le nodaireacht an cheoil.