The Irish Traditional Music Archive (ITMA) is committed to providing free, universal access to the rich cultural tradition of Irish music, song and dance. If you’re able, we’d love for you to consider a donation. Any level of support will help us preserve and grow this tradition for future generations.
Is cúis áthais do Thaisce Cheol Dúchais Éireann (TCDÉ/ITMA) a fhógairt go gcuirfidh an seinnteoir feadóige cáiliúil Cormac Juan Breatnach tús le Clár Bronntanais Oidhreachta nua aige ITMA, trí thiomnacht a fhágaint don gcartlann le huacht.
Tá tacaíocht daonchairdis riachtanach do ITMA chun aidhmeanna cartlainne na heagraíochta a bhaint amach – an bailiúchán ceol Éireannach is mó ar domhain a chur ar fáil, ar líne, saor in aisce do chách.
Ag labhairt faoina bhronnadh, dúirt Cormac: “Le breis agus 40 bliain anuas, bhí an t-ádh orm go rabhas in ann taibhiú, taifeadadh agus camchuairt a dhéanamh le roinnt de na healaíontóirí ab fhearr riamh. Tháinig na deiseanna seo chugam toisc go raibh mé sáite i traidisiún ceoil saibhir na tíre seo, agus teacht agam air.”
“Mar ealaíontóir gairmiúil, measaim gur fiú go mór, sprioc ITMA a thacú, na seoda ceoil fisiciúla a bhfuil acu a chaomhnú go digiteach agus iad a roinnt, ar líne do chomhluadar an ceoil, rince agus amhránaíochta. Measaim, chomh maith, go gcabhróidh sé seo le cruthaitheacht a chothú sa traidisiún, rud a bhfuil suim mór agam ann.”
“Tá lúcháir orm tacaíocht airgeadais a thabhair do ITMA i bhfoirm tiomnachta i mo uacht. Agus tá sé i gceist agam an maoiniú sin a chur ar fáil láithreach chun cabhrú le himeachtaí reatha na Cartlainne nó infheistiú a dhéanamh don todhchaí.”
Ag trácht ar chinneadh Chormaic, dúirt Príomhfheidhmeannach ITMA, Liam O’Connor: “Táimid faoi chomaoin mhór ag Cormac as an tacaíocht atá á thabhairt aige don Taisce. Tá céim cheannródaíoch tógtha aige leis an gcinneadh seo; moladh ó hard na spéire is ea é d’obair agus mian na Taisce. Gné thábhachtach de thiomnacht Chormaic ná gur féidir leis rogha a dhéanamh í a scaoileadh níos luaithe ionas gur féidir leis an Taisce úsáid a bhaint aisti anois.”
“Tá súil againn anois go rachaidh cinneadh Chormaic, tiomnacht a fhágáil le huacht aige ITMA, ina luí ar dheontóirí eile chun tacaíocht a thabhairt don Taisce sa tslí seo. Táimd ag súil go mór le bheith ag obair le Cormac amach anseo i dtreo is go cothaítear an chruthaitheacht in obair na taisce agus sa chlár ealaíne againn.”
Tuilleadh eolais
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar seo agus faoi dheiseanna daonchairdis eile ag ITMA, bígí i dteagmháil le Seán Potts. [email protected] nó +3531 6619699; itma.ie.