Accessibility


Font sizing

Contrast

Monochrome

Sign up to ITMA Archive

Signing up to the ITMA archive provides the ability to save content you find across the site and access directly from your own dashboard.

Register now

Logáil isteach

Cailín deas crúite na mbó, amhrán

Séamus Mac Aonghusa a bhailigh ó Vail Bheairtle Ó Donncha, 1898-1981

Cailín deas crúite na mbó, amhrán / Caitríona Ní Cheannabháin, ag casadh i nGaeilge

Cailín deas crúite na mbó, amhrán, lámhscríofa ag Séamus Mac Aonghusa, CBÉ 1280: 135-137

Cailín Deas Crúite na mBó

Bean a bhí ann ‘sa tsean-aimsir agus bhí sí a’ bleán bó ar chúl sconsa agus bhí sí ‘góil ‘Cailín D.C. na mBó’ agus bhí an t-amhrán gáirsiúil. Bhí sagart a’ guil a’ bóthar agus sheas sé ‘g éisteacht léi. Nuair abhi’n t-amhrán críochnaithe ‘ci ghlaoigh sé amach uirthi ‘gus chuir sé ge bhreithiúnas aithrí uirthi bheith ag ‘ bPobal an chéad Domhnach eile, bráithlín gheal a bheith sios go talth’ uirthi, piossa dhe chráimh capaill ina béal seasa’ ‘ndoras a’ tséipéil go mbuailfeadh chuile dhuine ghothadh isteach nó ‘mach smugairle uirthi agus dúirt sí go mbeadh. Bhí bráthair ina chónaí congarach di agus chuir sé fios uirthi agus chuaigh sí go dtí é, agus d’fhiafraigh sé dhi a’ ra’ sí go maith a’ tóigeáil amhrán. Dúirt sí go raibh. D’árrtha’ bráthair a’ t-amhrán agus seo mar a duairt sé:

 

Éirígí ‘pheacaí ‘gus músclaí agus cuimhrígí ar Eón Mhac na hÓigh

Ná smaoinígí ar pheacaí na drúise nó ar mhealladh gach cúilfhinnín óg,

Ach blaoigí ar na hAingle ghár gcumhdach ‘s ar ár mbáinríoghan bhreá chumhartha na nGlór

Nár bhreá dhúinn mar charaid í lá ‘n chuntais

Ná cailín deas crúite na mbó.

 

Tiocfaidh Mac Muire ghár bhféachaint

‘Sa chlann bhocht ag Éansall(?) aniar

Teannaigí liúm is céad fáilte

Gon chathair a gheáll m’athair díbh.

An Mhaighdean bhreá bharrúil ‘tá láidir

Mo ghrá thú ‘s tú áilleacht gach ciall

‘S tú mo chongna’ agus our-láimh na práinne

Ag [Agus? RÓ] molaimuid go hard ainm Chríost.

 

Tiocfaidh an t-ard phrionsa gan aimhreas

Chun breithiúnas  a thabhairt ar gach naomh

Ní leanaim gá’r cumú ná gá gcúmfar

Nach dtiocfaidh annsiúd lena ghlóir.

Tréicí an fhairrige bhrúidiúil

Agus silthe gach neon-charraig bréan (sic)

‘S nuair a shínfheas a’ t-aingeal an trónfid [tsíonfid?](trumpet)

Beidh gach ana mina chomhcholainn fhéin.

 

Nach truagh liom lucht drannaimh agus dróise

Lucht meisceoireacht trúm agus póit

Ag éirí ar maidin Dé Domhnaigh

Agus a’ spalpadh na miúne [?mionnaí RÓ] ag tí’n óil

Ná failígí tAifreann ar aon chor

Níl sólás ar a’ saol seo níos fearr

Ach molaimíd míle ‘gus céad buachas[?buíochas RÓ]

Leis a’ tÉan-Mhac a d’fhuiling a’ Pháis.

 

Fuair Vail Bheairtle óna athair é.

Dúirt an sagart léithi nuair a tháinig sí ag an bPobal an t-amhrán a rá agus dúirt sé ‘pé brí cé mhúin fios do ghroithe dhuit mhúin sé go maith dhuit é, ach beannacht duitse’ deir sé ‘agus mallacht go bhéal do mhúinte’.

Nóta  le hathscríobh an cheoil:

Scríobh Ennis ‘(Ón duine céadna)’ le nodaireacht an cheoil, is é sin Vail Bheairtle Ó Donncha.