Accessibility


Font sizing

Contrast

Monochrome

Sign up to ITMA Archive

Signing up to the ITMA archive provides the ability to save content you find across the site and access directly from your own dashboard.

Register now

Logáil isteach

Fuígfidh mise an baile seo, amhrán

Séamus Mac Aonghusa a bhailigh ó Dhonncha Ó Baoill (Dinny Pháidí Duncaí), c.1901-1960s

Fuígfidh mise an baile seo, amhrán / Lillis Ó Laoire, ag casadh i nGaeilge

Fuígfidh mise an baile seo, amhrán, lámhscríofa ag Séamus Mac Aonghusa, CBÉ 1282:31

Fuígfí Mise’n Baile Seo (ó Dinny – ó n’-athair).

 

Fuígfí mise’n baile seo gídh go bhfuil sé dú gránna,

Agus racha mé go Connachta nó siar go Lai’in Uí Eádhra

‘San áit a bhfuí mé póg ó mo stór is míle fáilte

Sealawán deas bólaí ‘s cead mo phósú ar an táilliúir.

 

Pósú go h-óg mé mar gheall ar na puntaí

Lán mo dhá láimh daíobh níor shásuí ‘riaú m’inntinn

‘S trua’ nach dtig sé ‘reacht amach mar thig ar bha ‘s ar chaoirí

‘Té nach dtaitníonn a mharagú leis a sheólú ‘mach ‘un aonaígh.

 

Is mairg atá ceangailte go síorruí do’n ránaí (stróinse)

Cha leigeann sé ‘un aifrinn mé lá saoire ná Dé Dónaí

Cha dtugann sé ‘dtoigh a’ leanna mé, chan ólann sé giní óir liom

Cha dteannann sé le n-a chroí mé mar dheanthú ‘ buachaill óg liom .*

 

Nuair a bhí mise óg gheóinn ól agus aoibhneas

Cuideachta ban óg’ agus ógánach caoimh(w)iúil,

‘Nois nuair tá mé pósta charbh’ fhiú leobhtha lóirt liom

Mo mhallacht ar an lá sin aduairt mise “góim leat”.

 

A tháilliúir, a tháilliúir, a ghearras a’ t-éadach

Ní deise mar a chumas tú ná chanas tú na bréaga

Chraith mé mo lámh leat ‘s bárr mo chúig méara

‘S na dhéi’ sin a tháilliúir go deárn tú an bhréag liom.

 

*[Séamus Ennis also included the following variant for this verse, from Peig (Ní Dhufaigh?)]

Spleóid ort, a sclábhuí, ‘s tú doracha(sic) gránna

Ní thug tusa ‘un aifrinn mé lá saoire ná Dé Dónaí

Ní thórtha go toigh a’ leanna mé, ‘s ní ólthá sé gini óir liom

‘Sní theannthá sé le do chroí mé mar dheanthú ‘n buachaill óg liom.

 

Nóta  le hathscríobh an cheoil:

Tá na focail ‘Go h-aerach, croíthiúil’ scríofa le hathscríobh an cheoil féin ag Ennis.