Accessibility


Font sizing

Contrast

Monochrome

Sign up to ITMA Archive

Signing up to the ITMA archive provides the ability to save content you find across the site and access directly from your own dashboard.

Register now

Logáil isteach

An mhaighdean mhara, amhrán

Séamus Mac Aonghusa a bhailigh ó Shíle Ní Ghallchóir (Síle Mhicí), ? – c.1960

An mhaighdean mhara, amhrán / Maighread Ní Dhomhnaill, ag canadh as Gaeilge ; Tríona Ní Dhomhnaill, pianó

An mhaighdean mhara, amhrán, lámhscríofa ag Séamus Mac Aonghusa, CBÉ 1282:250-252

Maighdin mhara a bhí inntí agus “Méirí Shínídh” an t-ainm a bhí uirthí. Fear a chuaidh amach ag iascach aon lá ‘mháin agus d’írí sí seo ar dheiriú an bháid aige, agus bhí brat léithe (sin a’ rud a bhí á coinneáilt ar an uachtar). Sciob seisean uaithe é agus tháinic sí ‘na a’ bhaile leis.

Chuir sé an brat i bhfalach i gcruach a’ choirce. Phós siad agus bhí beirt pháistí acu.- Máire Bhruinnthil agus Pádraic Bán. Chonnaic an nighean an brat galánta seo i gCruach a’ Choirce aon lá amháin agus d’innis sí do n-a máthair é 7 chuaidh sise fhad leis a’ chruach agus thug si léithe’n brat agus chuaidh ‘na farraige araist. Bhí sí an-mhór leis an nighean agus thiocait sí achan lá annsin agus chíorait sí cionn na giorrsaighe agus sé’n t-uarán an chainnt a bhí eatorra – Síghle Mhicí

Nóta  le hathscríobh an cheoil:

Bhí na sé h-amhráin sin romham ag Cití Ní Ghallchobhair, a fuair an chéad duais ag an Oireachtas 1943. Scríobh sí amach domh iad 7 dubhairt liom gur fhoghluim sí ó’n tseanbhean seo iad. D’fhág mise mar bhíodar iad le iad a cheartú do réir cainnte na sean-mhrá nuair a rachainn ar cuaird aicí, mar b’fhacthas dom go raibh beagán dearmadaí ionnta 7rl. rud a rinne mé. Tá siad annseo mar scríobhfainn féin ó Shighle iad, de thairbhe an cheartucháin. Thug sí bhéarsa eile de Choinnleach Glas an Fhoghmhair domh nach raibh ag Cití, agus ughdar aon chinn acu a raibh ughdar aice leis. Scríobhas a gceólta seo ó Chití 7 bhíodar aici mar mhúin Síghle dhi iad – chuala mé Síghle dá gcantain tar éis dom iad a scrí’.

Scríobh an bailitheoir a nóta seo a leanas roimh athscríobh an cheoil ó Shíghle:

‘Ceólta ó Ghaoith Dóbhair’

Ó Shíghle (Mhicí ) Ní Ghallchóbhair (82), Dóbhar Láir, Tír Chonaill. Ní amhránaidhe fíor n-a cuid ceóil anois í – níl cruinneas ‘sna nótaí aice agus mar sin is ó Chití Ní Ghallchobhair (21) a bhreacas na sé cheólta atá ar tosach annseo (v. leabhar na bhfocal). Is ó Shíghle í féin a thóig mé na ceólta eile ó’n seachtmhú ceann amach.

Scríobh sé ‘Go sínte’ os cionn an cheoil do ‘An Mhaighdean Mhara’ agus scríobh sé : ‘Fuaim ‘bough’ an Bhéarla leis na focal ‘ádha’, ‘sámh’ agus ‘snámh’ faoi athscríobh an cheoil.

An Mhaighdin Mhara

Is cosamhail gur mheáth tú nó gur thréig tú ‘n greann
Tá sneachta go frasach fá bhéal an ádha (átha?)
Do chúl buidhe daithtí is do bhéilín sámh
Siod chugaibh Máirí Shínidh ‘s í ‘ndéidh an Éirne shnámh (shnáou)

“A Mháithrín mhils,” duairt Máire Bhán
“Fá bhruach an chladaigh is fá bhéal na trágha
Maighdean Mhara mo mháithrín árd
Siod chugaibh Méiri Shínidh ‘s í ‘ndéidh an Éirne shnou.”

“Tá mise tuirseach agus beidh go lá
Mo Mháire Bhruinnthil is mo Phádraic Bán
Ar bhárr na dtonnaí ‘s fá bhéal na h-ádha  (?)(sic)
Siod chugaibh Máirí Theinidh ‘s í ‘ndéidh an Éirne shnou.”