Accessibility


Font sizing

Contrast

Monochrome

Sign up to ITMA Archive

Signing up to the ITMA archive provides the ability to save content you find across the site and access directly from your own dashboard.

Register now

Logáil isteach

An draighneán donn, amhrán

Séamus Mac Aonghusa a bhailigh ó Dhonncha Ó Baoill (Dinny Pháidí Duncaí), c.1901-1960s

An draighneán donn, amhrán / Lillis Ó Laoire, ag casadh i nGaeilge

An draighneán donn, amhrán, lámhscríofa ag Séamus Mac Aonghusa, CBÉ 1282:73-74

An Droighneán Donn. ó Dinny (athair)

Síleann céad acu gur leó fhéin mé nuair ólaim lionn

‘SThéid dhá dtrian síos daoím nuair a smaoitim ar a gcórá liom

Com is míne cích fá dhó ná’n síoda ‘tá ar shliaú Uí Fhloinn

Tá mo ghrá-sa mar bhláth na n-áirní tá’r a’ droighneán donn.

 

Má thig tú choidhche (ó) tar ‘san oidhche go cúl a’ chlaidhe

Ar maidin nó tráthnóna nuair a bhíos an driúcht ‘n-a luíghe

Cé na’ lóbhairim-sa bím-sa ‘meóbhrú go mór fá mo chroí

‘Stú mo chéad-searc agus ní féidir dú do chumhaidh ‘chur díom.

 

Fear gan chéill a bheaú a’ dréim leis an chlaidhe ‘tá árd

‘Sa claídhe beag íseal le n-a thaoibh sin ar a leagfait sé a lámh

Cé gur árd a’ cránn caorthainn bí sé searbh as a bhárr

Fásaí sméara ‘gus bláth súgh-craobh ar an chrann is ísle bláth.

 

Ní bean búclaí ná ribíní d’fhóirfiú dú.

Ach gearr-chailín daithte bheaú dána dú’

Mo léan géar gun mé ‘gus tú, a chráidh mo chroí,

I ngleanntán sléibhe le h-írí gréine ‘san driúcht ‘n-a luighe.

 

A Phaidí nó na’ misde leat mé bheith tinn

‘S a Phaidí nó na’ misde leat mé bheith trom

A Phaidí ‘n chúil daithte ‘s an bhéilín bhinn

Go dtéi mé ‘dtalú go mbei’ cuimhne ‘gam ar do chórá liom.