Accessibility


Font sizing

Contrast

Monochrome

Sign up to ITMA Archive

Signing up to the ITMA archive provides the ability to save content you find across the site and access directly from your own dashboard.

Register now

Logáil isteach

Affey Gibbons, amhrán

Séamus Mac Aonghusa a bhailigh ó Sheán Ó Gaora, rugadh 1902

Affey Gibbons, amhrán / Éamon Ó Donnchadha, ag casadh i nGaeilge

Affey Gibbons, amhrán, lámhscríofa ag Séamus Mac Aonghusa, CBÉ 1280: 347-348, 595-596, 616

Affey Gibbons*

Sagart a bhí ann agus ‘g imtheacht ar a’ theicheadh aimsir na bhFenians fadó. Casú isteach annsin go h-Iorrus Mhór é ar a theicheadh (ar a’ run) is tháinic sé ‘dteach agus bhí’n oiread seo ar a chloigeann fógraí ‘ ao’ine dhéanfadh scéal air. D’iarr sé ar a’ teach seo a’ leicidís a’ chodla tamall go’n oidhche é agus dubhairt siad go leiceadh. Thug sé siar a’ suit-case a bhí aige go’n tseomra agus thóig sé dhá phiostal amach as agus leag sé ar cholbha na leap’ iad. Bhí  muínntir a’ tighe a’ breathnú air dhá dhéana’ agus dhiún blas gur chuímhreadar go mb’fhéidir gurb’ é bhí ánn. Chuadar go dtí na gárdaí ‘gus reportáladar é agus d’iarrtha na gárdaí cé’n bealach a bhí leis agus dubhradar leó gur ra’ dhá phiostal aige agus gur thóig sé as suit-case iad is gur leag sé ar cholbha na leap’ iad. “Bhuel téigí lib anois” adeir na gardaí, a deir siad “agus tóigí na piostail uaidh agus caithigí síos i mbuicéad uisc’ iad.”

Ár ndó bhí codla na seachtmhaine ar a’ gcréatúir is níor airi’ sé iad. Nuair a bhí sin déanta acub tháinic na gárdaí taoíú ‘muigh is nuair a d’airi’ sé iad chua’ sé ‘tóraidheacht na bpiostal’ ‘sní r’aon phiostal aige. Tóigiú é ‘s crochú é, is rinne ‘dhriotháir órán annsin dó.

 

“Phlúir ‘sa scoth na Féinne ‘gus úghdair cheart an Bhéarla

A Bhuinneáin Bháin gan aon locht ó’n bpréamh go dtige’n bárr

Nach b’é mo léan mar d’éag tú, thiar i n-íochtar Éire

Gan aon neach go do ghaolta lé thú bhréagú as cíonn chláir.

 

Sean-fhocal ‘s ní bréag é, seachain is ná taoíbha’

An coithidheachaí má fhéadann tú agus béidh tú níos feárr

Ach mo chreach agus mo léan géar, ‘sé Affey fuair lé léiú é

Mar is fada siar i n-Éirinn dearnú éagcóir air is feáll.

 

Tá’n smóilín mhilis bhréagach ‘sna faoi(igh)leáin gheala ‘géar-ghol

Tá’n eala’r bhruach Loch’ Éirne ‘sní féidir léithe snámh

Ach faoi dhuibhthean is faoi Éicliops tá’n ghealach is na réalta

Le cumha ‘ndia’ chroidhe na féile thug a’ sway leis as gach ceárd.

 

Níl torthaí ar bharra géaga ‘sníl meas a’ góil i n-éifeacht

Níl soillse ‘bith ar a’ ngréin, ‘s tá’n féar glas ó fhás.

 

Ó Sheán Geary

Aill na Brón

 

Cearthú eile de “Affey Gibbons” (ó Sheán Geary, Áill na Brón). (616)

 

Nach minic a chuala ‘ch aoin fhear gur mairig é fhéin a thréig(c)feadh

A Chúige féin ghá bhféadadh sé ‘s bheith ‘n -éanraic go brách

Nach deas a’ fortún a gheáll Mac Dé dhó a shocraíde leath ar Éirinn,

Na dártha beannacht Dé leis ‘s go dtéi sé ar staid na nGrást.

(sine an cearthú deirionnach atá ann).

 

Affey Gibbons ó Sheán Geary

‘gCill Eala buailiú an dé-smál na Frannca’ theacht go h-Éirinn

Muid a’ scarúint ó n-a chéile mo chreach agus mo chrá

Ó d’imi’ croí na Féinne go flaithis geal na ndéadara(?)

Tá daoiní uaisle ‘géar-ghol, gun léigheann a bheith ‘g a gclánn.

 

A phlúir ‘sa Scoith na Féinne ‘gus ‘úghdair cheart an Bhéarla

A bhuinneáin bháin gan aon locht ó’n bpréamh go dtige ‘n bárr

Nach b’é mo léan mar d’éag tú, thiar in íochtar Éireann

‘Sgun aon neach go do ghaolta lé thú bhréagú as cíonn cláir.

 

Nach iomú marcach spéiriúil is cúlógach** glan gléasta

Rachadh (ó) goit’ fhéachaint ‘s thú géanacan*** a’ bháis

Níl clúid ná ceárd in Éirinn ‘dtiocfadh ort cath ná géibhionn

Nach bhfuightheá buachaill spéiriúil a d‘eireóch in do pháirt.

 

(596)

Sean-fhocal ‘s ní bréag é, seachain is ná taoíobha’

‘n coithíoch choí’ má fhéadann tú ‘gus beigh tú níos feárr

Ach mo chreach agus mo léan géar ‘sé Affey fuair lé léiú é

Mar’s fada siar in Éirinn deárnú éagcóir air is feáll.

 

Níor bhinne leat ceól na n-éanla’ faoi chiúis na coile craovaí’

Tá’n londú ‘n chuach ‘sa’ chéirseach gun aon smid amháin

Tá’n smóilín mhilis bhréagach, tá na faoighleáin gheala ‘géar-ghol

Tá’n eala ‘r bhruach Loch’ Éirne ‘s dhiún ar féidir léithe snáú.

 

Níl torthaí ar bharra géaga ‘s níl meas a’ góil in-éifeacht

Níl soighillse ‘bith ar a’ ngréin ghil ‘s tá’n féar glas ó fhás

Ach faoi dhiofan**** is faoi éiclips tá’n ghealach ánn ‘s na réalta

Le cú ‘ndía’ croí na Féinne thug a’ “sway” leis as gach ceárd.

 

Scríobhas cuid dhe seo cheana ó Sheán ach fúair sé an méid eile ó chonnaic mé cheana é, ó Mhaidhcil Foley (33) Aill na Brón a fuair cuid ó Éamonn a’Búrc agus cuid eile ó Shéamus Cheannabháin, seanachaí nach maireann, Cora na gCapall.

* ainm an tSagairt
** Duine thiúrfá taoí thiar díot ar chapall
*** Saothrú, fáilt, bháis.
**** duibhthean