Gaeilge

Eleanór a rún, song / Éamonn Ó Donnchadha, singing in Irish

Section: Videos
Tagged: No tags

Mo ghrá don chéad fhéachaint thú Eleanór a rún
Is ortsa a bhím a’ smaoineamh tráth a mbím ar mo shuaimh
Mo ghrá don tsaol thú ó mo chéad searc is tú is deise ná ban Ēireann
‘S a bhruinnillín deas óg is tú is deise is milse póg
Ach chúns a mhairfeadsa beo beidh gean a’m ort
Mar is deas mar a sheolfainn na gamhna leat Eleanór a rún.

‘S bhí bua aici go meallfadh sí na héanlaith ón gcrann
‘S bhí bua eile aici go dtoigfeadh sí an corp fuar ón mbas
‘S bhí bua eile aici nach ndéarfaidh mé mar ‘sí grá mo chroí is ó mo chéad searc
‘S a bhruinnillín deas óg is tú is deise is milse póg
Ach chúns a mhairfeadsa beo beidh gean a’m ort
Mar is deas mar a sheolfainn na gamhna leat Eleanór a rún.

‘S an dtiocfaidh tú nó ‘bhfanfaidh tú Eleanór a rún
Nó an aithneofá an té nach a gcáinfeadh thú mo chuid don tsaol is a stóir
Ō tiocfaidh mé acha ní fhanfaidh mé is maith a d’aithneoinn an té nach gcainfeadh mé
‘S a bhruinnillín deas óg is tú is deise is milse póg
Ach chúns a mhairfeadsa beo beidh gean a’m ort
Mar is deas mar a sheolfainn na gamhna leat Eleanór a rún.

Eleanór a rún, song / Éamonn Ó Donnchadha, singing in Irish
ITMA Reference Number:389-ITMA-DVCAM
Main Performer: Éamonn Ó Donnchadha
Title:Eleanór a rún [videorecording] / Éamonn Ó Donnchadha, singing in Irish
Section:Videos
Language:Irish
Format:Video
Corporate Author:Inishowen Traditional Singers' Circle
Recording Location:Ballyliffin Hotel, Ballyliffin, Inishowen, Co Donegal
Recording Date:20 March 2009
Physical Description:1 computer file (MPEG-4, 5 min. 22 sec.) :digital, stereo
URL:http://www.inishowensinging.ie
Copyright:Performer and Inishowen Traditional Singers' Circle

« Back to Videos