Gaeilge

Tá mé ‘mo shuí, song / Grace Toland, singing in Irish

Section: Sound Recordings
Tagged: No tags

Tá mé 'mo shuí
Ó d'éirigh an ghealach aréir
Ag cur teineadh síos gan scíth
'S á fadú go géar
Tá bunadh a' tí 'na luí
'S tá mise liom féin
Tá na coiligh ag glaoch
'S tá 'n saol ina gcodladh ach mé.

Sheacht mh'anam déag do bhéal
Do mhalaí 's do ghrua
Do shúil ghorm ghlé gheal
Fá'r thréig mé aiteas is suairc
Le cumhaidh i do dhiaidh ní léir dom
An bealach a shiúl
Is a charaid mo chléibh
Tá na sléibhte ag gabháil idir mé 's tú.

Deireann lucht léinn
Gur cloíte an galar an grá
Char admhaigh mé é nó go raibh sé
'Ndiaidh mo chroí 'stigh a chrá
Aicíd ró-ghéar faraor
Nár sheachnaigh mé í
Chuir sí arraing 's céad go géar
Fríd cheartlár mo chroí.

Casadh bean sí domh thíos
Ag Lios Bhéal an Áth'
'S d'fhiafraigh mé díthe
An scaoilfeadh glais ar bith grá
'Sé dúirt sí os íseal
I mbriathra soineanta sámh
Nuair a théann sé fán chroí
Cha scaoiltear as é go brách.

Tá mé ‘mo shuí, song / Grace Toland, singing in Irish
ITMA Reference Number:713-ITMA-MP3
Main Performer: Grace Toland
Title:Tá mé 'mo shuí [sound recording] / Grace Toland, singing in Irish
Section:Sound Recordings
Recording Location:[S.l.]
Recording Date:[n.d.]
Copyright:Performer and Inishowen Traditional Singers' Circle
Physical Description:1 computer file (MP3 file, ca. 3 min.) : digital, stereo
Format:MP3
Subject:Ireland: Singing in Irish
Language:Irish
Corporate Author:Inishowen Traditional Singers' Circle
Collection:Jimmy McBride Collection. Audio Cassette 37
URL:http://www.inishowensinging.ie
Related Material: The sailor and farmer’s daughter ; and other songs in Playlists
PDF Download: Download

« Back to Songs