Seirbhísí dátheangacha i nGaeilge agus i mBéarla iad seo, rud a eascraíonn as comhdhéanamh na mbailiúchán féin. Mura bhfuil i gceist ach gnáthchuairt agus nach grúpa beag atá i gceist, ní gá coinne a dhéanamh. Moltar glaoch gutháin a chur roimh ré má bhíonn riachtanais speisialta agat nó más mian leat bualadh le duine ar leith den fhoireann. Faoi láthair, tá an Taisce ar oscailt don phobal ó Luan go hAoine ón 10rn go dtí an 5in agus Satharn amhain gach mí i rith na bliana ach amháin le linn laethanta saoire poiblí na hÉireann agus an tréimhse iomlán ón 24 Nollaig go dtí an 2 Eanáir.
Cuirtear seirbhís theoranta faisnéise ar fáil ar an nguthán, ar faics nó tríd an bpost, agus go cianda ar an Idirlín ag www.itma.ie. Cuirtear faisnéis agus ábhar ar fáil trí léachtaí, trí thaispeántais agus trí fhoilseacháin ó bhaill na Taisce chomh maith, agus trí chomhoibriú leathan na Taisce le daoine eile atá ag casadh ceoil, ag múineadh, ag craoladh, ag foilsiú agus i mbun gníomhaíochtaí cartlannaíochta. Tá cead ábhar a chóipeáil ach ní mór cloí le dlithe an chóipchirt agus a bheith tuisceanach do theorainn acmhainní na Taisce; beidh ar úsáideoirí féin cead a fháil leas a bhaint as ábhar atá faoi chóipcheart más gá sin.
Tá an bailiúchán leabhar rangaithe agus é ar fáil ar sheilfeanna oscailte ins na príomh-sheomraí poiblí, cés moite de roinnt bheag leabhar atá curtha i gcoimeád a bhfuil fáil orthu ach iad a iarraidh. Is féidir éisteacht le taifeadtaí fuaime atá ar fáil i gcaibinéid stórála. Tá fáil ar áiseanna amhairc le féachaint ar ghrianghraif, ar fhíseáin agus ar DVDanna. Tá ábhar eile ar rochtain shrianta agus is féidir breathnú air ach é a iarraidh. Is féidir áiseanna na Taisce a úsáid saor in aisce, ach bíonn costaisí ag baint le fótachóipeáil agus le seirbhísí dá leithéid.
Níl teacht gan srian ar ábhar, áfach. Uaireanta bíonn teorainneacha dlí a éiríonn as reachtanna an chóipchirt nó as coinníollacha a leagann bronntóirí síos; uaireanta eile bíonn teorainneacha praiticiúla a éiríonn as slándáil agus caomhnú an ábhair nó easpa foirne. Ní thugtar an t-ábhar ar iasacht phearsanta nó ar Iasacht Eadar-Leabharlanna. Is féidir leis an Taisce cead isteach nó úsáid ábhair a dhiúltú d'éinne. Is féidir freastal ar ghrúpa nach bhfuil níos mó ná ceathrar ann ag an am sa Taisce, de bharr teorainneacha spáis agus riachtanais úsáideoirí eile. Ní sé ar chumas na Taisce léachtaí ar cheol dúchais na hÉireann a thabhairt do bhuíonta scoile nó do bhuíonta turasóirí.