Dlíthiúlachtaí

Bunaíodh an Taisce de réir dlí mar Chomhlacht Teoranta faoi Urra i 1987, agus dá bhrí sin coimeádann sí cuntais iniúctha agus cuireann sí tuairiscí faoi bhráid Oifig na gComhlachtaí i mBaile Átha Cliath chuile bhliain.

Féiniúlachtaí Dlí na Taisce

Chláraigh Cláraitheoir na gCara-Chumann an Taisce i 1990 mar Chumann Eolaíoch le haghaidh ‘Eolaíocht, Litríocht, nó na Mínealaíona’ a chur chun cinn. Thug na Coimisinéirí Ioncaim aitheantas Carthanachta (CHY 9283) don Taisce i 1991, agus ghlac siad léi mar chomhlacht formheasta faoi théarmaí tabhartais an Achta Comhdhlúite Cánach 1997 a cheadaíonn faoiseamh cánach ar thabhartais áirithe a thugtar don Taisce (cliceáil anseo agus gheobhaidh tú eolas breise).

Cóipcheart agus an Taisce

Cuid lárnach d’oibriúcháin na Taisce is ea cloí go docht le dlíthe cóipchirt na hÉireann agus is ríthábhachtach go ndéanfaí sin do dhul chun cinn na Taisce amach anseo. Tá na dlíthe a bhaineann le cóipcheart an-chasta ar fad, ach cloíonn an Taisce go dlúth leo. Mura gcloífeadh, dhéanfaí díobháil don Taisce féin ó bhonn, agus ní chosnófaí na cearta córa atá in ábhar na Taisce ag amhránaithe agus ag ceoltóirí, ag bailitheoirí agus foilsitheoirí. Cuireann an Taisce seirbhísí cóipeála (fótachóipeáil, taifeadtaí clos-amhairc agus grianghraif) ar fáil chomh fada agus is féidir de réir a hacmhainne agus de réir na ndlíthe a bhaineann le cóipcheart, agus faoi réir táille. Níl an Taisce in acmhainn faoi láthair taighde a dhéanamh ar son daoine ach ligeann sí do dhaoine a thugann cuairt ar an Taisce fótachóipeanna a dhéanamh dóibh féin, de réir dlí. Mura bhfuil an cóipcheart caite ar ábhar cuirtear dlí cóipchirt na hÉireann i bhfeidhm mar seo a leanas:

  • Má tá úsáid tráchtála aon sórt ábhair i gceist, is gá duit cead scríofa a fháil ón duine ar leis nó léi an cóipcheart sula ndéanfar an chóip. Is cuma má tá an foilsitheoir as gnó; is le duine éigin an cóipcheart. Déarfaidh an Taisce leat cé aige nó aici atá an cóipcheart, más eol di é, ach is fútsa a bheidh sé an cead a fháil.
  • Má tá úsáid phríobháideach nó staidéar i gceist agus an t-ábhar gan a bheith clóbhuailte – leithéid taifeadtaí fuaime, grianghraif, tráchtais srl. – is gá duit cead scríofa a fháil ón duine ar leis an cóipcheart.
  • Má tá úsáid phríobháideach nó staidéar i gceist agus an t-ábhar clóbhuailte, leithéid leabhair nó irisí, is féidir suas go 10%  de leabhar nó alt amháin as iris a chóipeáil. De ghnáth, mar sin, is féidir cóip d’fhocail amhráin nó de nótaí foinn a fháil go dleathach as foinse chlóbhuailte atá foilsithe. Ní féidir, ámh, cóip de thaifeadtaí fuaime nó físe atá foilsithe a fháil i gcomhair úsáid phríobháideach nó staidéir – caithfear glanadh cóipchirt scríofa a fháil sa chás seo freisin.

Nuair a bhíonn an cóipcheart caite go dleathach ar ábhar ceadaítear cóipeanna a dhéanamh más acmhainn sin don Taisce.