Sainmhínithe

Is í an tuiscint atá ag an Taisce ar an téarma ‘ceol dúchais na hÉireann' gur téarma leathan é a chuimsíonn amhráin ón traidisiún béil, a lán cineálacha ceoil uirlise agus damhsa ó thréimhsí éagsúla.

Is í an tuiscint atá ag an Taisce ar an téarma ‘ceol dúchais na hÉireann' gur téarma leathan é a chuimsíonn amhráin ón traidisiún béil, a lán cineálacha ceoil uirlise agus damhsa ó thréimhsí éagsúla. Baineann an Taisce an chiall is leithne as an téarma, agus déanann sí iarracht i gcónaí ábhar a chur san áireamh seachas é a chur ó dhoras.

Bailítear ábhar a cheaptar a bheith traidisiúnta ar aon bhealach: ó thaobh bunúis de, nó modh léirithe, nó tarchuir, nó stíle seanma; nó má bhaineann sé le tuiscint ar an gceol dúchais agus ar a chomhthéacsanna. Dá bhrí sin, maraon le ceol, amhráin agus rincí atá ann leis na cianta a bhailiú, bailíonn an Taisce ríleanna agus poirt nuachumtha freisin agus bailéid úrnua i stíl traidisiúnta. Tá aici an fonnadóir agus an fidléir aonair chomh maith leis an racghrúpa a sheinneann cornphíopaí agus an cheolfhoireann siansa a sheinneann cóirithe d’fhoinn dúchais. Tá bailiúcháin d’fhoinn agus d’amhráin clóbhuailte ann chomh maith le tráchtais ar an gceol traidisiúnta agus lámhleabhair faoi eitneocheolaíocht. Tá réimse íomhánna ann ó ghreantaí adhmad de bhileoga bailéad go grianghraif dhigiteacha íoslódáilte. Measann an Taisce gur cuid luachmhar de chultúr stairiúil na hÉireann é an ceol, agus, ag an am céanna, gur cuid spreagúil den chultúr comhaimseartha é, a bhfuil borradh iontach faoi in Éirinn agus thar lear faoi láthair. Leagann an Taisce béim dá bhrí sin ar nua-fhoilseacháin faoi cheol dúchais na hÉireann a bhailiú go leanúnach (i bhfoirmeacha fuaime, clóbhuailte agus físe) agus an ceol a sheinntear beo a bhailiú freisin, gan trácht ar cháipéisí stairiúla den cheol, bídís clasaiceach nó beagnach anaithnid, a thiomsú.