Bhí siad tar éis teacht ar iliomad taifeadtaí den chineál sin le linn dóibh a bheith ag déanamh taighde don tsraith raidió de chuid RTÉ `The Irish Phonograph', sraith a chuireadar le chéile ó 1983 go dtí 1986.
Roimhe sin, bhí cinneadh déanta i bprionsabal ag an gComhairle, ar mholadh ó choiste a raibh Breandán Breathnach ina chathaoirleach air, taisce cheol dúchais a bhunú. Ghlac an Chomhairle le tionscnamh na beirte, d'ainmnigh Bord chun feitheoireacht a dhéanamh air, agus thug maoiniú dó, ar dtús ar bhonn píolótach agus ansin go leanúnach. Fuarthas maoiniú breise ina dhiaidh sin ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann.
Chuaigh leathnú ar théarmaí tagartha na Taisce i rith na mblianta ar aon dul lena haidhmeanna bunaidh agus chuaigh an fhoireann i méid go mór freisin. Cé gur taifeadtaí fuaime iad príomhcháipéisí na Taisce go fóill, tá sí ina cartlann ilmheán anois a bhfuil lear mór ábhar clóbhuailte, grianghraif agus íomhánna gluaiste, déantáin agus eile ina seilbh. Is amhránaithe, ceoltóirí agus damhsóirí iad an fhoireann féin a bhfuil scileanna cartlainne, leabharlainne, taifeadadh chlos-amhairc, cóirithe ceoil, riaracháin, digtithe, IT agus scileanna nach iad acu.
Bhí an Taisce lonnaithe ar dtús i Sráid Iústas, Baile Átha Cliath, agus d'aistrigh sí go dtí ionad níos fairsinge, uimhir 63 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath, i 1991. D’oscail sí ionad buan ag 73 Cearnóg Mhuirfean ar 15 Samhain 2006. Is ansin atá an bailiúchán is mó dá bhfuil ann de cheol dúchais na hÉireann, agus an bailiúchán is mó faisnéise ar an gceol. Tá an Taisce anois ina phríomhionad chun taitneamh a bhaint as an gceol agus chun staidéar a dhéanamh air.
Stair
Shíolraigh an Taisce ó thairiscint a chuir Harry Bradshaw agus Nioclás Ó Cearbhalláin faoi bhráid na Comhairle Ealaíon i 1987 chun taifeadtaí fuaime stairiúla den cheol dúchais a chaomhnú.