Lyrics
Éireóchaidh mé ‘mbárach is rachfaidh mé ‘un aonaigh
Tá mise mo chodlah ‘sna musclaigí mé
Agus ligfidh mé le bradóig go bhfuil mé ‘rna daoraidh
Tá mise mo chodlach ‘sna muclaigí mé
Níl poball níl poll níl áit a bhfuil ann acú
Ó thoigh Bhillidh Bháin go seantach bhean Chonnachta
Nach mbéinnse seal óiche ar maos ‘s mé ag ughchairt ann
Tá mise mo chodlach ‘sna musclaigí mé.
Ar philleadh aníos as Aonach na bPollan damh
Tá mise mo chodlach ‘sna musclaigí mé
Le héirigh na gealaigh ‘sle glaise na maiden úire
Tá mise mo chodlach ‘sna musclaigí mé
Cluinfear mó ghlór mo ceol is mo challán ann
Ag carán mionnaí móra ar nós mar bhéadh dragún ann
Cha dtéigheann tart ar mo sgóig ách ag ól go raibh ‘n mhaidin ann
Tá mise mo chodlach ‘sna musclaigí mé.
Teacht anal ar a’drochead damh ar dheireadh mo phóiteachta
Tá mise mo chodlach ‘sna musclaigí mé
Dheanfaidh mé sgiste ag teach Shéamais Uí Dhorchartaigh
Tá mise mo chodlach ‘sna musclaigí mé
Béidh mo chasóg ‘sa línín síos liom ‘na lúideógaí
Mo charbhat ‘smo léine le chéile ‘na ngióbógaí
‘S gur duibhe na ‘n gual dubh mo ghuaileacha ó ghreadógaí
Tá mise mo chodlach ‘sna musclaigí mé.
Ach stadfaidh mé de ‘n ól ar ndóighe chá bhainim leis
Tá mise mo chodlach ‘sna musclaigí mé
Má iarrtar a dh’ól mé’ ar a leóga ní rachaidh mé
Tá mise mo chodlach ‘sna musclaigí mé
Na déanfaidh mé móid mar rinne Tomás Ó hÉigeartaigh
Is ní bhlaisfidh mé a’n deor do bheoir na de bhiotailte
Ó’ Bhealtain’ go Samhain ó Samhain go Bealtaine
Tá mise mo chodlach ‘sna musclaigí mé.
Bíonn tart agus tinneas do mo oibriú le chéile
Tá mise mo chodlach ‘sna musclaigí mé.
Is an mhóid adaidh thug mé go mbéigean damh shéanadh
Tá mise mo chodlach ‘sna musclaigí mé
Coicis ón’ lá seo ma fhághaim fhéin biseach
No ‘n still a bheith san áit sin go ndéanfaidh mé sileadh
Ná níor shíl mé riamh mórán de’n mhóid adaidh Thomáis
Tá mise mo chodlach ‘sna musclaigí mé.