Ceol na dtrí nDálach, song

Jimmy McBride, singing in Irish
© Item in copyright  (contact for information on re-use)
Downloads: PDF |  Metadata (Dublin Core)

Lyrics

Ar maidin samhraidh le breachadh a’ lae
Shiúil mise go mall fa’n tráigh
Bhí an ghrián ag eirigh ó chúl na gcnoc
Thar Loch Suiligh chaith si scáil
Shuigh mise síos cois srútháin glé-geal
Measc samharcáin buí is nóiníní
Thainig néall trom codlata thar mo cheann
Agus aisling gheal ‘mo chroí.

Sheol soitheach mór os mo choinne amach
‘Sí ag treabhadh na dtonn go mear
Stócaigh as Éirinn a stiúradh sa ghaoth
‘S a treoradh thar sáile anal
Sheas óganach amháin ‘s a chúl le crann seoil
Thóg sé mo chroí ‘s mo mheóin
Siúd chugaibh laochra a thógfhas cian
Ó Ghráinne ‘sa clan ‘ta faoi bhrón.

Thóg fir na h-áite a gcinn le bród
Nair a thainig a laochra i dtír
Chrunnigh slóite ó choic ‘só ghleann
Agus throid said go fearúil ’s go fíor
Chaith muid blianta fada faoi leatdrom
Faoi bhrúidealacht ’s faoi stró
Ach mo thagann geibheann arís ‘nár dtreo
Ní luighfidh muid faoi níos mó.

Seo sláinte na n-Dálach as Inis Eoghain
A sheas an fód go dian
Thug said grá a gcroí do Dhia ’s son tír
‘S bhí siad blianta fad faoi phian.
h-Órdnaoíodh triúir acu ‘na sagairt
Thug said dilseach do’n Tiarna ‘s don Róimh
Ach faraor! scairt seisean ar bheirt acu
Sciob sé Donnach is Séarlas go Neamh.

Seo so shláinte a Athair William
Rinn’ tú comhraic i Waterloo
Sheas tú sa bhearnaí sa Fhrainc ‘sa  a Spáin
Agus throid tú go cróga ‘s le cliú.
Ó dfhág tú an t-arm ‘s an tsaighdiúireacht
‘S thug tú taca doibh siúd atá faoi léan.
Caith tú seal so cheannaire cróga
Ach anois ‘s  tú ar sagart féin.