Caoineadh an Dálaigh, song

Jimmy McBride, singing in Irish
© Item in copyright  (contact for information on re-use)
Downloads: PDF |  Metadata (Dublin Core)

Lyrics

Nach truigh mise a cháirde croí
Anseo liom féin me lean mo luí
Grian fhuar a’gheimhridh a’ caitheamh scáth
Ar bhalla mo chille’s mé ‘nois faoí chrá
Tá mise smaointheamh go luath ‘s go mall
Ar thús mo óige in Éirinn thall
Tcim glean beag dómhain gan tom gan crann
Faoí scáth no gcnoc fá bhun na mbeann.

I dtús mo shaoil ba mhór mo shéan
Ach bhí ‘n t-anas achan áit mo lean
Bhí ‘n bia gann ‘s bhí ‘n talamh bocht
Bhí ‘n tiarna sanntach ní orainn bhí ‘n locht
Ba ghruama brónach ár gceann ‘s ár gcroí
Nuair a dhruid m’athair doras a’ toighe
Sheoil muid amach tar Thoraigh nn mBeann
Go Merioca siar i bhfad ón Ghleann.

Chaith mise saol go haerach thall
I dTír an Óir” i bhfad ó Ghall
Bhí and obair cruaidh ach má bhí is fíor
Bhí an pháighe árd ‘s bhí rudaí soar
I ndiaidh blianta fada chas mise anal
Ba mhór mo mhian go bhfillfinn seal
Ar thír mo dhúchais ‘sar chairde mo chroí
In earrach na bliana ochtmhó trí.

An samhradh dar gceann sheol mise arís
Na hAifrice Theas ó Éirinn síos
Ba dheas mo dhoigh ‘s mé ar bharr na dtonn
‘S mé ag imeacht lem’ ghrá thart sáile anonn
Ar bhórd a tsoithigh thug mise fa dear
Bean is páiste is claidhre de fhear
Labhair mé leis nach trom do chroí
D’fhág tusa daoine faoi chlár na luí.

Bhí crith ina lámh bhí cúr le na bhéal
Labhair sé le mionna d’inis sé ‘n scéal
Ní mise Power ach Carey coir
Agus dhíol mé mo chaired ar ghinieacha óir
Ansin chuir sé lámh ina phóca isteach
Agus tharraing sé piostal dubh fada amach
Scaoil muid urcháir scaoil mise fá thrí
Thit sé ‘s mo choinne gan mhóthú gan bhrí.

B’fhada mo thriall ‘sba mhór mo chrá croí
Tá fhios agaibh anois gur labhair an dlí
Fa ‘n seo amarach beidh m’ anam gan chorp
I bhfad ó mó mhuinntir in uaigh gan marc
Ach coinnigí cuimhne ‘sa bhaile ‘s i gcéin
Gur scaoil mé an claidhre ‘s mé mo shábháil fein
Ná déanaigí dearmad ar a Dalách go deo
Fa ghleannta Ghaothdobhair ‘fhad bheas sibh beo.