An cailín Gaelach, song

Grace Toland, singing in Irish
© Item in copyright  (contact for information on re-use)
Downloads: PDF |  Metadata (Dublin Core)

Lyrics

B'áite liom féin a 'bheith ar mhalaí shléibhe
‘s cailín gaelach a bheith 'mo chomhair
Bheinn da bréagadh ‘s a' teannadh léithe
‘s dar liom féin a rún gur dheas ar ndóigh.

Ag éirí domh féin ar maidin an lae ghil
Is mé gabhail fá'n choill chraobhaigh is mé seoladh bó
Tharlaigh domh spéirbhean ina suí ar a léana
‘s a fallaing léithi ‘s í lán de cnón.

D'fhiafraigh mé díthe go ciúin ‘s go ceillí
An nglacfaidh tú póg uaim a stór mo chroí?
D'oscail sí a béilín 's labhair sí Bearla
'S é dúirt sí pray sir and let me be.

Nach maith an airí ar na buaibh á santú
‘s bheinnse da seoladh amuigh sa lá
Im agus bainne iad ar theacht a’ tSamhraidh
Is mar gheall ar bhólacht a phóstar mná.