English

Rochtain do Chathaoireacha Rotha

Is féidir le daoine a úsáideann cathaoireacha rotha teacht ar na hábhair uilig atá sa Taisce i seomra faoi leith ag urlár na talún.

Istigh ansin tá boird a oibríonn ar leibhéil éagsúla, ríomairí chun teacht ar bhunachair na Taisce, chun éisteacht le CDs agus chun féachaint ar DVDs. Toisc gur foirgneamh stairiúil é uimhir 73 Cearnóg Mhuirfean, ní féidir ardaitheoir a chur ann.
 
Is féidir le daoine i gcathaoireacha rotha teacht isteach sa Taisce ó Lána Fitzwilliam, atá taobh thiar den bhfoirgneamh (os comhair Hackett’s Stationery amach). Tá rampa rochtana ansin agus ardaitheoir beag staighre a théann suas trí staighre go dtí halla an fhoirgnimh.

Cuir glaoch fóin orainn roimhré, le do thoil, má tá tú chun cuairt a thabhairt orainn i gcathaoir rotha.

Stair LiftStair Lift

 

 

 

 

 

 

Tabhair do d’aire nach féidir le foireann na Taisce cabhair chorportha a thabhairt don phobal. Moltar go mbeidh duine cuí i láthair leat má tá cabhair den tsórt sin ag teastáil.

Wheelchair Access Image
Ground-floor area for disabled access