Maidir leis an Leabharann Dhigiteach
Foilsíonn an Taisce go rialta anseo roghanna as ábhair dhigitithe atá sna bailiúcháin aici, maille le gearr-chur i láthair. Cuirtear na hábhair a roghnaítear ar fáil i gceithre rannán: Seinnliostaí (tacar taifeadtaí fuaime), Gailearaithe (tacar íomhanna físe), Ábhair Chlóite, agus Scóir Cheoil Idirghníomhach, mar atá ar an roghchlár ar chlé. Is féidir cuardach a dhéanamh ar phíosaí aonair ceann ar cheann ins na rannáin tríd an inneall cuardaigh, nó is féidir na rannáin féin a bhrabhsáil ceann ar cheann ón roghchlár ar chlé.
Is le daoine eile – seinnteoirí, cumadóirí agus cruthaitheoirí eile, foilsitheoirí agus craoltóirí, srl. – an cóipcheart ar bhunáite na míreanna atá i mbailiúcháin na Taisce agus dá bhrí sin ní féidir iad a chur ar fáil ar an mbealach seo. Is ar bhonn tagartha amháin is féidir le cuairteoirí go dtí an Taisce a theacht ar raon iomlán an ábhair atá ar coimeád sa Taisce.
Ach tá lear mór ábhar níos sine ná sin sa Taisce a bhfuil an cóipcheart caite air, agus tá socrú déanta aici le roinnt daoine ar leo an cóipcheart leas a bhaint as an ábhar ar leo é. Seo é an t-ábhar a chuirfear ar fáil diaidh ar ndiaidh de réir mar a cheadóidh acmhainní na Taisce, gan trácht ar na hathruithe nua atá á mbagairt faoi dhlí chóipchirt na hEorpa (cuirfidh na hathruithe seo míreanna atá saor ó chóipcheart ar ais faoi chóipcheart).
Sampla de thaifeadtaí fuaime, d’ábhar chlóite, agus d’ábhar amhairc a bheas sa chéad rogha d’ábhar a chuirfear ar fáil anseo. Cuirfear leo gach dara mí – beidh an chéad incrimint eile ar fáil ón 1 Meitheamh 2011.

