Catalóga & Bunachair TCDÉ
Tionscnamh ollmhór a bhfuil maoiniú tionscnaimh ón gComhairle Ealaíon ina chuidiú aige agus atá ar bun go leanúnach ó 2007 is ea catalóga agus bunachair na Taisce a chur ar fáil go cianda tríd an Idirlíon. Tá na taifid atá ar fáil á dtiontú go formáidí comhoiriúnacha idirlín, á n-atheagrú agus á gcaighdeánú agus araile, agus tá siad á gcur ar fáil ar shuíomh idirlíon na Taisce ó mhí Lúnasa 2008. Leantar de cheisteanna gearra faoi mhíreanna catalógaithe a fhreagairt ar an nguthán.
