English

An Bóthar Romhainn Amach

Leanfaidh an Taisce uirthi i mbéal forbartha tré chur lena bailiúcháin agus tré barr feabhais a chur ar a cuid seirbhísí pobail.  Leanfaidh sí le réimse pleananna gníomhaíochta agus forbartha a oireann dá treophrionsabail ‘rochtain phoiblí’, agus ‘oideachas poiblí’.

Beidh bailiúcháin chorpartha agus ceannáras buan na Taisce i gcónaí mar chroílár aici, ach beidh imeachtaí digiteacha bunaithe ar an Idirlíon ag dul i dtábhacht aici amach anseo. Beidh sé mar ardthosaíocht aici – chomh maith le leanacht uirthi ag bailiú, ag caomhnú agus ag eagrú gach foilsiúcháin nua a bhaineann le cás, agus ag cruthú ábhair agus eolais nua tré bhailiúchán páirce agus chatalógú – ná críoch a chur leis an gclár reatha atá aici a catalóga uathúla a chur ar fáil ar fud an domhain trí mheán an Idirlín (féach Catalóga agus Bunachair). Chomh maith le sin, beidh sí ag leanacht lena clár córasach d’ábhair agus d’eolas digitithe a fhoilsiú ar a suíomh idirlín.

Future of the Archive Image
‘Éire’ (Ireland) by Irish-American sculptor Jerome Connor (1874–1943) in Merrion Square. The beautiful public park in Merrion Square is among the many attractions adjacent to the Archive in central Dublin.