Cairde na Taisce
Iarrann Taisce Cheol Dúchais na hÉireann ort a dhul isteach i gCairde na Taisce inniu, agus cúnamh a thabhairt don Taisce lena cuid oibre, mar atá, ag bailiú, ag caomhnú agus ag catalógú ceol dúchais na hÉireann, agus á chur ar fáil ar go leor bealaí éagsúla don phobal i gcoitinne, anois agus don am atá le theacht.
Tugann An Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann tacaíocht fhlaithiúil d’obair laethúil na Taisce, agus faigheann sí maoiniú tionscadail ó urraithe éagsúla freisin. Ach tá breis cúnaimh airgeadais ag teastáil ón Taisce le go bhféadfaidh sí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin spreagúla a bhaineann lena haistriú go dtí 73 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, agus a saothar a thabhairt céim níos faide chun cinn.
Leis an mborradh iontach atá faoi cheol dúchais na hÉireann faoi láthair cuirfidh maoiniú breise ar chumas na Taisce:
- Taifeadtaí príobháideacha fuaime den cheol gaelach ar fud na cruinne a fháil
- Ábhar atá faoi láthair ag dul chuig bailiúcháin thar lear a fháil
- Ábhar de chuid an cheoil ghaelaigh a ‘aistíriú’ ó bhailiúcháin dhomhanda
- Ábhar uathúil agus sobhriste a dhigitiú don phobal
- A cuid catalóga uathúla ríomhaire a chur ar fáil ar an Idirlíon
- Taiscí dá cuid féin agus de chuid bhailiúcháin eile a fhoilsiú
Tá a lán tionscnamh foilsitheoireachta á n-ullmhú ag an Taisce faoi láthair: taifeadtaí fuaime de cheol an Lucht Taistil agus de cheol na hÉireann-Thalamh an Éisc; leabhair de bhailiúcháin iomlána uirlise an Chaptaein Francis O’Neill, den cheol agus de na hamhráin a bhailigh Edward Bunting, agus de bhailiúcháin an cheoil chomparáidigh a rinne William Forde thart ar aimsir an Ghorta.
I dtreo is go bhféadfar na tionscnaimh seo agus cinn eile a thabhairt chun críche, iarraimid ort tacaíocht a thabhairt don Taisce. Is féidir leat do thacaíocht a thabhairt mar Chara don bhliain reatha má líonann tú an fhoirm, nó ar feadh suim de bhlianta má líonann tú an t-ordú baincéara. €20 an síntiús is lú in aghaidh na bliana nó a chomhluach in airgeadtaí eile; €10 an ráta bliantúil do mhic léinn agus do lamháltasóirí. Coimeádtar na Cairde ar an eolas faoi chúrsaí forbartha sa Taisce, agus is féidir leo seirbhísí agus foilseacháin atá á n-ullmhú a fháil ar lacáiste 20%.
Carthanacht (CHY 9283) is ea an Taisce agus is Comhlacht Formheasta í faoi théarmaí tabhartais an Achta Comhdhlúite Cánach, 1997. Tá tabhartais €250 nó os a chionn asbhainteach in aghaidh cánach ag tabhartasóirí corparáideacha nó féinmheasúnaithe faoi choinníollacha áirithe. I ngach cás faigheann an Taisce níos mó ná mar a thugann an bronntóir i ndáiríre. Is féidir linn íocaíochtaí cárta creidmheasa a ghlacadh ar an nguthán – Mastercard nó Visa. Eisítear admhálacha.
Tá súil againn go dtabharfaidh tú tacaíocht, trí bhallraíocht a ghlacadh mar Chara, don leathnú atá déanta ar áiseanna agus ar sheirbhísí agus fios agat go gcinnteoidh d’infheistíocht san am i láthair go mairfidh saibhreas ceoil an ama atá thart sa todhchaí. Cuir gníomhaíochtaí na Taisce ar a súile siúd a ngabhfadh a cuid gníomhaíochtaí chun tairbhe dóibh agus ar a súile siúd a d’fhéadfadh a bheith ina dtacadóirí, le do thoil, agus inis dúinn le do thoil, faoi aon duine a bhféadfaimis poiblíocht a chur chucu.
