English

Maidir leis an Taisce

Is taisce thagartha agus ionad acmhainne náisiúnta í Taisce Cheol Dúchais Éireann – Irish Traditional Music Archive – do dhaoine ar suim leo amhránaíocht, ceol uirlise agus rince dúchais na hÉireann.

Áis phoiblí gan beann ar bhrabús í a bhíonn oscailte saor in aisce dóibh siúd ar suim leo foirmeacha ealaíne cheol dúchais na hÉireann, idir chomhaimseartha agus stairiúil. Cuireann an chartlann oideachas pobail sa cheol dúchais chun cinn trína cuid gníomhaíochtaí féin agus trí chomhpháirtíochtaí le daoine eile.

Nuair a bunaíodh an Taisce i 1987 b’í an chéad eagraíocht í a raibh cúram ar leith uirthi bailiúchán cuimsitheach ilmheán a dhéanamh den ábhar: taifeadtaí fuaime, leabhair agus sraithirisí, bileoga ceoil agus bileoga bailéad, grianghraif, físeáin, DVDanna agus araile, le go bhféadfadh daoine tuiscint a fháil agus staidéar a dhéanamh ar cheol dúchais na hÉireann.

Is ag an Taisce atá an bailiúchán is mó dá shórt; tá ábhar ann as Éirinn trí chéile, agus ó cheantair thar sáile ina bhfuil Éireannaigh lonnaithe (go háirithe an Bhreatain, Meiriceá Thuaidh agus an Astráil), chomh maith le daoine nach Éireannaigh iad a sheinneann ceol traidisiúnta. Tá bailiúchán ionadaíoch de cheol traidisiúnta as tíortha eile freisin á thiomsú.

Tá an Taisce suite ag 73 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, agus tá stáisiúin oibre líonra nasctha i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i Maigh Eo agus i nDún na nGall. Tá seomraí poiblí sa Taisce inar féidir teacht ar ábhar agus staidéar a dhéanamh air; seomraí sainfheistithe inar féidir digitiú, caomhnú, catalógú agus stóráil a dhéanamh air; chomh maith le stiúideo taifeadta fuaime agus físe.

About the ITMA Image
73 Merrion Square, home of the Irish Traditional Music Archive