Taisce Cheol Dúchais Éireann

Irish Traditional Music Archive

SongMusicDance  

An Bóthar Romhainn Amach

Tá sprioc fadtéarmach na Taisce, ceannáras sásúil buan a bheith aici, bainte amach anois agus tá méadú tagtha ar líon na foirne de bharr tacaíochta ón dá Chomhairle Ealaíon agus ó fhoinsí eile maoinithe. Leanfaidh an Taisce uirthi mar a rinne sí riamh ag tógáil ar an mbunús oibriúchán atá leagtha síos aici ón tús le réimse pleananna gníomhaíochta agus forbartha a oireann dá treophrionsabail “rochtain phoiblí,” agus “oideachas poiblí.” Déanfaidh sí é seo de réir a haidhmeanna straitéiseacha atá foilsithe, agus a Plean Straitéiseach do Thaisce Cheol Dúchais Éireannn 2005–2009.

Is é an chéad sprioc forbartha eile atá roimpi ná na catalóga uathúla atá faoina coimirce a chur ar fáil ar fud an domhain trí mheán an Idirlín (féach Catalóga agus Bunachair).