Taisce Cheol Dúchais Éireann

Irish Traditional Music Archive

SongMusicDance  

Tionscnaimh Chomhoibritheacha

Taispeántais
I measc imeachtaí for-rochtana eile tá dhá thaispeántas clos-amhairc a bhíonn ag taisteal. In The Northern Fiddler, léirítear íomhánna, téacsanna agus taifeadtaí ó fhidléirí Conallacha agus Eoghanacha na 1970í. Ba é  seo an taispeántas oscailte a bhí ag lárionad Ceol don cheol traidisiúnta, i mBaile Átha Cliath, agus cuireadh ar taispeáint ar fud na hÉireann é ó shin, agus in áiteanna éagsúla thar lear, mar atá, Músaem Fowler in UCLA, Áras na hÉireann Glucksman i Nua-Eabhrac, agus ag an gcomhdháil Re-Imagining Ireland in Virginia. Léiríodh They Love Music Mightily, comhthaispeántas idir an Taisce agus Músaem Daonchultúir agus Iompair Uladh, a dhíríonn ar oirfidigh dhúchasacha na linne ar fud na hÉireann, sna hionaid seo a leanas: sa Mhúsaem i gCúl Trá lasmuigh de Bhéal Feirste agus in Ard-Mhúsaem na hÉireann ag Beairic Uí Choileáin, Baile Átha Cliath, i Músaem Contae Fhear Manach in Inis Ceithleann, in Ionad Glór do Cheol na hÉireann in Inis, Co. an Chláir agus i bhFóram na Mílaoise i nDoire. 

Comhthionscnaimh Eile
Tá an Taisce gníomhach ón tús ag comhoibriú le mórán daoine eile ina gcuid oibre, agus tá aitheantas faighte aici as sin sna céadta foilseachán. Ar na comhthionscnaimh is déanaí tá ceann le The Journal of Music in Ireland (soláthar liostaí reatha ceirníní, leabhar, scannán, alt agus íomhánna cartlainne), Na Píobairí Uilleann (ailt agus míreanna cartlainne), Gael-Linn (CDanna Seoltaí Séidte), Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann (DVD Exploring Trad), Leabharlanna Chathair Átha Cliath (CD agus leabhrán Robert Emmet and Songs of Rebellion), Cló Four Courts (CDanna Songs of Elizabeth Cronin), Féile Píobaireachta William Kennedy (CD Live Recordings), Cartlann Alan Lomax (CD Columbia Library of Folk and Prmitive Music), Ionad Oideachais Pavee Point don Phobal Taistil (CDanna Whisht & Keepers of the Flame, The Raineys, agus Songs of the Irish Travellers), Cló Iar-Chonnachta (Leabhar Mór na nAmhrán), srl. (féach freisin Foilseacháin Chomhoibritheacha).

Books for sale from ITMA