Taisce Cheol Dúchais Éireann

Irish Traditional Music Archive

SongMusicDance  

Taighde

Tá taighde ar bun ag an Taisce faoi bhailiúcháin de cheol dúchais na hÉireann atá in Éirinn agus ar fud na cruinne le súil agus go bhfaighidh sí cóip díobh. I measc na n-instiúidí ar tugadh cuairt orthu lasmuigh d’Éirinn tá Leabharlann na Breataine, Leabharlann Bodley, an BBC, National Sound Archive Leabharlann na Breataine, Daonmhúsaem na Breataine Bige, Leabharlann na Comhdhála, Leabharlann Phoiblí Nua-Eabhrac, Leabharlann Phoiblí Boston, agus Leabharlann Phoiblí Chicago.

I measc na míreanna a aistíríodh tá bailiúcháin leabhar agus bhileog cheoil de cheol dúchais na hÉireann a foilsíodh sa Bhreatain agus i SAM, 18ú-20ú Céad. Tá an Taisce ag comhoibriú le forais eile, a bhfuil tionscnaimh thaighde ar bun acu i réimsí den chineál céanna, in Éirinn agus i gceantair thar lear ina bhfuil Éireannaigh lonnaithe.

Tá an Taisce ina ball díobh seo a leanas: Cumann Idirnáisiúnta na gCartlann Fuaime, An Chomhairle Idirnáisiúnta um Cheol Dúchais, An Fóram um Cheol in Éirinn, An Cumann um Cheoleolaíocht in Éirinn agus eagraíochtaí gairmiúla eile.

Cé go gcuideoidh baill foirne le daoine ina gcuid taighde, agus go gcuirfidh siad comhairle ar thaighdeoirí eile agus ar bhailitheoirí, níl ar a gcumas, de bharr acmhainní teoranta na Taisce, tabhairt faoi thaighde thar ceann daoine eile.

National Library of Ireland

Leabharlann Naisiúnta na hÉireann © Fáilte Ireland