Taisce Cheol Dúchais ÉireannIrish Traditional Music Archive |
![]() ![]() |
|||||||
|
|
Taifeadadh Ó 1993 i leith tá ámhránaithe, ceoltóirí agus damhsóirí á dtaifeadadh ag an Taisce, roinnt díobh níos mó ná uair amháin. Taifeadtaí fuaime atá á dhéanamh tríd an tír agus taifeadtaí fuaime agus físe ins an stiúideo i mBaile Átha Cliath. Tá na taifeadtaí á n-aistriú go CD nó DVD agus á gclárú faoi láthair, agus is féidir a theacht ar a lán acu cheana féin sa Taisce. Má thugtar dóthain fógra agus má bhíonn dóthain acmhainní ó thaobh foirne, féadfaidh an Taisce taifeadtaí bunaidh allamuigh a aistriú go formáidí soláimhsithe i gcomhair éisteacht thagartha laistigh den Taisce. Sular athraíodh an Taisce go dtí 73 Cearnóg Mhuirfean, níorbh fhéidir leanúint le taifeadadh stiúideo de bharr srianta spáis ach le deireanaí leathnaíodh cleachtais a bhain le taifeadadh allamuigh mar ar baineadh leas as VHS agus taifeadadh DVCAM (Físcheamara Digiteach). Tá gach taifeadadh allamuigh na Taisce ó 2000-2008 aistrithe go DVD agus tá siad ar fáil anois don phobal lena gcíoradh. Tá sé leagtha amach go dtosófar an athuair ar thaifeadadh stiúideo fuaime agus físe i 2009.
Foireann an Taisce, le Clare FM agus Raidio na Gaeltachta, ag taifeadadh ag Scoil Samhraidh Willie Clancy. Na hAmhránaithe agus na Ceoltóirí a Taifeadadh ó 1993 go 2006
|
|||||||