|
|
Sainfeidhmeanna
Seo a leanas ceithre phríomh-aidhm na Taisce:
Tiomsú
An t-ábhar go léir a bhaineann le ceol dúchais na hÉireann a thiomsú agus bailiúchán ionadaíoch a dhéanamh de cheol tíortha eile. Déanann an Taisce é seo trí dheonacháin ó fhoinsí lasmuigh, trí chóipeáil agus trí cheannach ábhar. Chomh maith leis sin, tá clár taifeadta fuaime agus físe lasmuigh i gceist agus i stiúideo taifeadta na Taisce féin. Ó 1993 i leith tá breis is 1,300 amhránaí, ceoltóir agus damhsóir taifeadta faoin gclár seo, agus lena chois sin, tá léachtaí, ceolchoirmeacha agus ceadail phoiblí, agus imeachtaí eile sa cheol traidisiúnta tógtha freisin.
Caomhnú
An t-ábhar seo a chaomhnú go buan faoi chomhair úsáid an lae inniu agus na nglún atá le teacht. Déantar é seo trí mhodhanna éagsúla. Orthu sin tá, digitiú, ceangal, cóipeáil shlándála ar pháipéar agus ar fhormáidí éagsúla digiteacha, agus stóráil speisialtóireachta chartlainne agus dhigiteach. Tá gradam Gulbenkian do Mhúsaeim agus do Chartlanna buaite ag an Taisce faoin rannóg ‘An Bailiúchán is Fearr Cúraim.’
Eagrú
Eagar a chur ar an bhfaisnéis agus ar na hábhair atá ar coimeád sa Taisce. Is iomaí slí a gcuirtear an t-ord sin i gcrích. Ina measc tá, sealbhú, rangú, stocliostú, catalógú agus innéascsú. Ó bunaíodh í, tá lánleas bainte ag an Taisce as forbairt na faisnéise teicneolaíochta, agus tá na sealbhúcháin eagraithe ar chóras líonraithe ríomhaire ar bhealach mionsonrach nach bhfuil a leithéid ar fáil in aon áit eile. Is mórghné suntais i saineolas na Taisce an rialúchán digiteach atá aici ar a cuid faisnéise, agus dá bharr sin, tá an bonn leagtha do dháileadh agus do leathadh eolais ar bhonn an-leathan amach anseo ar an Idirlíon (féach Catalóga agus Bunachair).
Leathadh An t-ábhar agus an fhaisnéis atá ar coimeád a chur ar fáil chomh forleathan agus is féidir don phobal i gcoitinne, ar bhealach a chloíonn le riachtanais chaomhnaithe an ábhair agus le forálacha dhlí an chóipchirt. Caithfear a bheith airdeallach ar theorainn acmhainní na Taisce chomh maith. Baineann an Taisce an sprioc sin amach trí rochtain dhíreach iomlán tagartha a chur ar fáil; trí chianrochtain theoranta a sholáthar le fón, le faics, tríd an bpost agus ar an Idirlíon; trí chraoltóireacht agus léachtóireacht fhorleathan, trí ghníomhaíochtaí foilseánaidh agus foilsitheoireachta; agus trí chomhoibriú le réimse eagraíochtaí eile atá gafa le casadh ceoil, le múineadh an cheoil, le craoltóireacht, le foilseacháin agus le cartlannaíocht. Tacaíonn a leithéid sin leis an traidisiún beo, agus le héisteoirí agus le healaíontóirí traidisiúnta comhaimseartha araon.
Is é an dara haidhm atá ag an Taisce ná bailiúcháin ionadaíocha de cheol traidisiúnta ó thíortha eile a chur le chéile, agus pointe rochtana a sholáthar do na cineálacha ceoil seo don phobal náisiúnta agus do réimse na heitneacheoleolaíochta. Tá béim faoi leith ar cheol as na traidisiúin sin is cóngaraí go stairiúil do dhúchas na hÉireann, is é sin, as Albain, as Oileán Mhanann, as Sasana, as an mBreatain Bheag agus as Meiriceá Thuaidh.
|
|