|
|
Ríomhairiúchán
Ón am ar bunaíodh an Taisce, bhain sí leas iomlán as luas agus as cuimsitheacht ríomhairí chun eolas a rialú agus a aisghabháil. Ón mbliain 1987 i leith, ar ríomhairí a rinneadh catalógú, innéacsú, riarachán agus cuntais, stóráil fonn, eagarthóireacht ar fhuaim dhigiteach srl.
Tá líonra ríomhairí úrscothach feistithe ag foireann na Taisce in uimhir 73 Cearnóg Mhuirfean chomh maith le córas gutháin VoIP. Tá an bunachar ríomhaireachta, a ndearnadh forbairt leanúnach air ó 1987, uasgrádaithe go leagan líonra anois, agus tá ríomh-chomhéadan déanta do lucht úsáidte sa leabharlann. Féadfaidh cuairteoir a thagann chuig an Taisce na catalóga a chuardach agus a bhrabhsáil, agus chomh maith leis sin féadfaidh siad éisteacht le dlúthdhioscaí agus le DVDanna, agus é seo ar fad a dhéanamh ón stáisiún oibre céanna. Tá na catalóga á gcur ar fáil ar an Idirlíon mar chuid de thionscnamh forbraíochta leanúnach (féach Catalóga & Bunachair).
Úsáideann an Taisce Freastalaí Inneachair Textworks dá príomh-bhunachair. Baineann an fhoireann leas as an gclár seo chun iontrálacha nua a chatalógú agus chun eagarthóireacht a dhéanamh ar iontrálacha atá ann cheana féin. Leagan líonraithe de Inmagic é an bogearra, an bun-bhogearra DOS bhunaithe a bhí á úsáid sa chartlann ó 1987. Tá an tsonraíocht ar fad aistrithe go córas nua agus í ar fáil lena cíoradh. Tá ríomh-chomhéadan ionsuite ag CS/Textworks ar a dtugar CS/WebPublisher Pro atá cumraithe le deis a thabhairt d’úsáideoirí an chatalóg a bhrabhsáil sa leabharlann. Comhéadan fuinneog-bhunaithe é seo atá soláimhsithe agus a thugann deis don úsáideoir ilbhunachair a chuardach ag an am céanna. Táthar ag baint leasa as an gclár seo freisin le haghaidh catalóga na Taisce a chur ar fáil ar an idirlíon.
|
|