Taisce Cheol Dúchais Éireann

Irish Traditional Music Archive

SongMusicDance  

OSCAILT OIFIGIÚIL CHEANNÁRAS NUA
THAISCE CHEOL DÚCHAIS ÉIREANN

Aréir [Dé Céadaoin 15 Samhain], d’fhreastail breis is 350 duine ar oscailt oifigiúil cheannáras nua Thaisce Cheol Dúchais Éireann ag 73 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, foirgneamh oidhreachta Seoirseach. Ina measc bhí ceoltóirí traidisiúnta ó chian is ó chóngar; ionadaithe ó na Comhairlí Ealaíon Thuaidh agus Theas, a mhaoiníonn an Taisce; chomh maith le cartlannaithe, leabharlannaithe, agus ionadaithe ó eagrais chultúrtha eile Stáit.

Is é an tAire John O’Donoghue TD a dhein an oscailt. D’fháiltigh seisean roimh an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ag an Taisce, agus bhí sé ag súil leis an méadú ar na seirbhísí a cheadódh an t-aistriú go dtí an foirgneamh nua. Labhair Cathal Goan, Ceannasaí RTÉ agus Cathaoirleach na Taisce, agus Nioclás Ó Cearbhalláin, Stiúrthóir na Taisce fosta. Bhí ceol agus amhráin ann ó bhaill de Bhord na Taisce, Paddy Glackin (Baile Átha Cliath), Dermot McLaughlin (Doire) agus Máire Ní Chéilleachair (Corcaigh), agus bhuail an rinceoir sean-nóis as Conamara, Máire Áine Ní Iarnáin, cos air freisin.

Is iad Oifig na nOibreacha Poiblí a cheadaigh an foirgneamh nua don Taisce, agus tá caomhnú agus athchóiriú iomlán sa seanstíl déanta air, ar ardchaighdeán faoi stiúir an Ailtire Shinsearaigh Niall Parsons. Ceithre stór atá sa teach, os cionn an íoslaigh, chomh maith leis an seanteach cóiste a bhí ann ón tús. Tá seomraí poiblí ann inár féidir teacht ar bhailiúcháin agus ar bhunachair na Taisce, stiúideó taifeadta físe agus fuaime san íoslach, seomraí speisialtóireachta do phróiseáil an ábhair chomh maith le limistéirí fáiltithe, riaracháin agus stórála speisialtóireachta.

Sa cheannáras nua seo, ar caomhnú agus ar fáil saor in aisce don phobal, tá an bailiúchán is mó dá bhfuil ann de na hábhair a bhaineann le ceol dúchais na hÉireann: taifeadtaí fuaime, leabhair agus sraitheanna, grianghraif, bileoga bailéad agus ceoil, fístéipeanna agus DVDanna, agus raidhse ábhar eile. Tá an corpas is mó ábhair faoin gceol ag an Taisce chomh maith, arna eagrú ar chatalóga agus ar innéacsa uathúla ríomhaire. Tá catalógú déantar ar bhreis is leathmhilliún mír go dtí seo. Craobhscaoileann an Taisce a cuid ábhar agus faisnéise trí fhoilseacháin mar leabhair agus dhlúthdhioscaí, agus trí thaispeántais taistil. Comhoibríonn an Taisce go bisiúil le raon leathan de pháirtithe cultúrtha chomh maith, go háirithe maidir le craoladh na sraitheanna fadsaolacha Come West Along the Road ar RTÉ 1 agus Siar an Bóthar ar TG4.

Tuilleadh Eolais: Féach ar an mbróisiúr leis seo, ar shuíomh idirlín na Taisce ag www.itma.ie , sin nó déan teagmháil leis an Taisce ag 73 Cearnóg Muirfean, Baile Átha Cliath 2 (teil: +353-(0)1-661 9699 faics: +353-(0)1-662 4585).

Brollach