Taisce Cheol Dúchais Éireann

Irish Traditional Music Archive

SongMusicDance  

Lucht Úsáidte

Tá éileamh leathan laethúil ar an Taisce. I measc na n-úsáideoirí bíonn amhránaithe, ceoltóirí, damhsóirí, éisteoirí ar a son féin, gach leibhéal mic léinn, múinteoirí, taighdeoirí agus scríbhneoirí, leabharlannaithe agus cartlannaithe, craoltóirí agus foilsitheoirí, riarthóirí ealaíon agus an pobal trí chéile. Is as tíortha thar lear roinnt mhaith de na cuairteoirí seo.

Tá an Taisce oscailte do chách, agus cuireann sí seirbhís dhátheangach ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Féadfaidh cuairteoirí a thagann go dtí an Taisce éisteacht le taifeadtaí, féachaint ar DVDanna agus ar ghrianghraif, bailiúcháin cheoil agus léann ceoil a léamh, taighde a dhéanamh ar ábhar agus ar thopaicí spéise, comhairle a ghlacadh ón bhfoireann faoina réimse taighde srl. Tugann an fhoireann réamheolas freisin ar an Taisce agus ar a cuid áiseanna.

In áit a theacht isteach go dtí an Taisce is féidir le baill an phobail ceisteanna bunúsacha neamhchasta a chur ar an nguthán, trín bhfaics nó ar an bpost. Tá tionscnamh forbraíochta leanúnach ar siúl faoi láthair le go mbeidh catalóga na Taisce ar fáil ar an Idirlíon ar bhonn féinseirbhíse (féach Catalóga agus Bunachair).

Ag an bpointe seo bíonn an fhoireann ag plé le breis agus 5,000 cuairt agus fiosrúchán ó dhaoine aonair agus eagraíochtaí in aghaidh na bliana agus iad fós i mbun an iliomad dualgas oibre.

Leabhar Chláraithe

Brollach