Taisce Cheol Dúchais Éireann

Irish Traditional Music Archive

SongMusicDance  

Foilseacháin agus Díolacháin

Foilseacháin
Foilsitheoir as a stuaim féin í Taisce Cheol Dúchais na hÉireann a bhfuil clár leanúnach foilsitheoireachta aici. Tá dhá mhórfhoilseachán chlóite curtha amach ag an Taisce go nuige seo, atá bunaithe ar bhailiúcháin stairiúla de cheol dúchais na hÉireann.

Go nuige seo, tá sraith de shé bhileog faisnéise ar ghnéithe éagsúla den traidisiún foilsithe ag an Taisce. Tá fáil orthu seo ar líne.

Tá foilseacháin shuntasacha eile á réiteach faoi láthair: taifeadtaí fuaime de sheinm stairiúil chonsairtín na hÉireann, de cheol an Lucht Taistil agus de cheol na hÉireann-Thalamh an Éisc; leabhair den chéad bhailiúchán foilsithe de cheol na hÉireann i macasamhail, de bhailiúcháin iomlána uirlise an Chaptaein Francis O’Neill, den cheol agus de na hamhráin a bhailigh Edward Bunting, agus de bhailiúcháin an cheoil chomparáidigh a rinne William Forde thart ar aimsir an Ghorta.

Chomh maith leis sin, tá an Taisce toilteanach comhoibriú le heagraíochtaí eile i bhfoilsiú ceol dúchais na hÉireann. I measc na bhfoilseachán seo tá leabhair, taifeadtaí fuaime agus DVDanna.

Tunes of the Munster Pipers front cover

Collection of Instrumental Music

Tunes of the Munster Pipers: Irish Traditional Music from the James Goodman Manuscripts, 500 fonn ón ré roimh an nGorta Mór, in eagar ag an Dr Hugh Shields, ó bhailiúchán atá i gColáiste na Tríonóide; agus

More...

 
The Irish Music Manuscripts of Edward Bunting front cover

Guide to Instrumental Music and Song

The Irish Music Manuscripts of Edward Bunting (1773-1843): An Introduction and Catalogue leis an Dr Colette Moloney, a chuireann treoir ar fáil do 1,000 fonn agus do 500 téacs amhrán, ón 18ú agus ón 19ú haois, atá ar coimeád in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.

More...


Online Information Leaflets Cooperative Publications Publications & Sales