Taisce Cheol Dúchais Éireann

Irish Traditional Music Archive

SongMusicDance  

Cúrsaí Airgeadais

Bunaíodh an Taisce i 1987, de thoradh iarrachtaí a rinne pobal an cheoil dúchais, agus de bhrí go ndearna An Chomhairle Ealaíon i mBaile Átha Cliath cinneadh polasaí deontas trialach tosaigh a bhronnadh uirthi. Ba í an Chomhairle a d’ainmnigh an chéad Bhord Taisce agus a chuir an chéad bhunreacht ar fáil.


Faigheann sí maoiniú ó bhliain go bliain ón gComhairle Ealaíon i mBaile Átha Cliath mar Eagraíocht le Maoiniú Rialta, agus ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste. Chomh maith leis sin, faigheann sí maoiniú ó bhronntóirí aonair go háirithe tríd an ngrúpa tacaíochta Cairde na Taisce.


Le deireanaí fuair an Taisce tacaíocht shuntasach eile ón Stát. Trí Oifig na nOibreacha Poiblí, bronnadh teach stairiúil Seoirseach i gceartlár Bhaile Átha Cliath uirthi mar cheannáras buan, agus tá athchóiriú agus caomhnú ar ardchaigdeán déanta ar an bhfoirgneamh anois, agus tá clár leanúnach ar bun le háis bhreise a fhorbairt.


Faigheann an Taisce maoiniú do thionscadail ó urraithe éagsúla chomh maith, ina measc, An Chomhairle Oidhreachta, Cairde na Cruite agus Páirtíocht na hÉireann agus Thalamh an Éisc. Ina theannta sin, faigheann An Taisce tacaíocht chomhchineáil ó fhoilsitheoirí agus ó bhronntóirí príobháideacha.  


Bíonn breis cúnaimh airgeadais de dhíth i gcónaí ar an Taisce, ámh, chun na gníomhaíochtaí atá ar bun cheana féin a leathnú, seirbhísí nua a thabhairt isteach, agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin spreagúla a ghabhann lena foirgneamh nua.

Arts Council Logo OPW Logo Arts Council of Northern Ireland Logo
Ireland Newfoundland Partnership Cairde na Cruite Logo Heritage Council
Brollach