Taisce Cheol Dúchais Éireann

Irish Traditional Music Archive

SongMusicDance  

Craoltóireacht

RTE Logo and link to RTE site
BBC Radio Logo and link to BBC Radio site
TG4 Logo and link to TG4 site

RTÉ
Faoi láthair, tá an Taisce ag comhoibriú leis an gcraoltóir náisiúnta RTÉ ar dhá thionscnamh mhóra raidió agus teilifíse. Sa tionscnamh raidió, tá athmháistriú, cóipeáil agus catalógú á dhéanamh ar chartlanna RTÉ sa cheol traidisiúnta siar go dtí daicheadaí an fhichiú haois, chun iad a chur ar fáil go poiblí sa Taisce. Go nuige seo, tá breis agus 15,000 mír próiseáilte agus tá leas bainte astu i mórán clár.

Ó 1994 i leith, tá foireann na Taisce ag déanamh taighde ar na sealbhúcháin sa cheol traidisiúnta atá i gcartlann teilifíse RTÉ agus i gcartlanna eile teilifíse agus scannán sa ré luath (1961-1991), agus as an ábhar seo, léiríodh clár móréilimh de mhíreanna cartlainne dar teideal Come West along The Road.

Sna dó dhéag sraith a léiríodh go dtí seo, cuireadh breis agus 1,300 oirfideach stairiúil ar an scáileán ar 150 clár, agus chonacthas na hoirfidigh seo chomh maith, dar ndóigh, ar na fístéipeanna agus ar na DVDanna a d’eascair as rogha na gclár sna sraitheanna sin. Bíonn lucht féachana de bhreis ar cheathrú milliún duine ag gach clár díobh seo.

Come West Along the Road VHS
Come West Along the Road 1 DVD
Come West Along the Road 2  DVD

Ina theannta sin, tá breis is 25 uair an chloig d’ábhár Teilifíse RTÉ aistrithe go DVD, cláraithe agus anois ar fáil don phobal sa Taisce. Don chéad chéim eile den tionscnamh leanúnach seo, atá tosaithe cheana fhéin, beidh aistriú agus clarú ar na dó dhéag sraith de Come West along the Road.

TG4
Siar an Bóthar
a thugtar ar an leagan Gaeilge de Come West along the Road agus craoltar ar TG4 é, an craoltóir náisiúnta Gaeilge. Tá naoí sraith de Siar an Bóthar (os cionn 110 clár) déanta go dtí seo, a ndearna foireann na Taisce i gcomhar le TG4 craoladh, taighde agus léiriú orthu.

BBC Radio
I dtionscnamh comhpháirtíoch de chuid na Taisce, an BBC agus National Sound Archive Leabharlann na Breataine i Londain i 1997 chóipeáil Glenn Ó Comascaigh (innealtóir fuaime ITMA, 1992-2003) taifeadtaí fuaime de cheol dúchais na hÉireann, os cionn 2,000 rian ó na 1940í go dtí an lá inniu, a bhí i gcartlann an BBC. Tá an tionscnamh bunaithe ar chomhoibriú Sally Hine, Carltannaí Fuaime an BBC ag an am; Alan Ward, Ceannasaí Seirbhisí Coimeádta an National Sound Archive ag an am; Peter Copeland, Bainisteoir Caomhnaithe an National Sound Archive ag an am, agus Malcolm Taylor, Leabharlannaí an Vaughan Williams Memorial Library den English Folk Dance and Song Society. Craoladh rogha den ábhar seo a ndearna foireann na Taisce taighde agus léiriú air ar Raidió BBC. Rinneadh cóipeáil ar abhár ó Albain, an Bhreatáin Bheag agus Oileán Mhanann i 2005.