Taisce Cheol Dúchais Éireann

Irish Traditional Music Archive

SongMusicDance  

Catalóga & Bunachair

Ó bunaíodh an Taisce i 1987, táthar ag catalógú agus ag innéacsú gach mír ar ríomhaire mar chuid de chlár leanúnach chun cabhrú le húsáideoirí a theacht ar mhíreanna i mbailiúcháin na Taisce agus ar shonraí an eolais atá iontu. Dá thairbhe seo tá acmhainn uathúil faisnéise ar fáil arbh é an corpas faisnéise ríomhairithe is mó ar cheol dúchais na hÉireann é. Freagraíonn taifid na gcatalóg go leithleach do chomhdhéanamh ábhar cheol dúchais na hÉireann agus do spéiseanna lucht úsáidte an ábhair, ach tá siad bunaithe ar chórais bhibleagrafaíoch ghinearálaithe idirnáisiúnta leithéid Aicmiú Deachúil Uilíoch, Rialacha Catalógaíochta na nAngla-Meiriceánach (an dara heagrán), Marc 21, srl.

Tá catalógú déanta go dtí seo ar gach taifeadadh fuaime (ceirníní 78, SPanna, ceirníní fadaithe, fadcheirníní, caiséid agus CDanna), gach leabhar agus sraithiris, agus tá catalógú déanta go mion ar bhailiúchán grianghraf na Taisce freisin, chomh maith le físeáin thráchtála agus DVDanna gan trácht ar roghnú mór d’ábhar fuaime agus físe neamh-thráchtála nach bhfuil chomh mion. Is féidir le cuairteoirí na míreanna seo a chuardach anois leis na ríomhairí atá curtha ar fáil sna seomraí poiblí.

Tá innéacs téamach ar chártaí comhaid faoi bhreis agus 5,000 fonn damhsa ar fáil freisin (ach go bhfuil sé faoi chaomhnú i láthair na huaire), féach Breandán Breathnach, 'Between the Jigs and Reels' in Ceol (iml. 5, uimh. 2, Márta 1982).

Tionscnamh Nua Catalóige
Tionscnamh ollmhór a bhfuil maoiniú tionscnaimh ón gComhairle Ealaíon ina chuidiú aige agus atá ar bun go leanúnach ó 2007 is ea catalóga agus bunachair na Taisce a chur ar fáil go cianda tríd an Idirlíon. Tá na taifid atá ar fáil á dtiontú go formáidí comhoiriúnacha idirlín, á n-atheagrú agus á gcaighdeánú agus araile, agus beidh siad ar fáil ar shuíomh idirlíon na Taisce ó mhí Lúnasa 2008. Leantar de cheisteanna gearra faoi mhíreanna catalógaithe a fhreagairt ar an nguthán.

Cuardaigh

Ceim 1
Is é céad thosaíocht an tionscnaimh faisnéis bhunúsach bhibleagrafaíoch, dioscliostaithe agus amhairc a chur ar fáil do chuairdeoirí, agus ar an gcaoi sin an cheist bhunúsach faoi ábhar clóbhuailte, fuaime agus físe a fhreagairt: ‘An bhfuil sé i dTaisce Cheol Dúchais na hÉireann?’ Gach mír atá le feiceáil sa chatalóg ar líne tá fáil air lena chíoradh sa Taisce féin.

Céim 2
Tá i bhfad níos mó faisnéise (leithéid liostaithe iomlán de chlár ábhair leabhar, taifeadtaí fuaime, íomhánna, srl.) ar fáil ar líne go háitiúil cheana féin do chuairteoirí chuig an Taisce, agus cuirfear ar fáil é go cianda de réir mar a bheas an Taisce in acmhainn sin a dhéanamh.