|
|
Bailiúcháin Ghinearálta
Sa cheannáras nua ag 73 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, tá an bailiúchán ilmheán is mó dá bhfuil ann d’ábhar a bhaineann le ceol dúchais na hÉireann: amhráin, ceol uirlise agus rince dúchais na hÉireann agus é ar caomhnú agus ar coimeád mar fhoinse don phobal. Tá an bailiúchán ag fás de shíor. Faoi láthair tá os cionn 25,000 taifeadadh fuaime tráchtála agus neamhthráchtála, 16,000 leabhar agus sraithiris, 10,000 grianghraif agus claonchló, 9,000 fonn i bhfoirm dhigiteach, 6,500 bileog cheoil agus míreanna bileog ceoil, 2,500 clár, 1,000 fístéip agus DVD agus bailiúcháin ollmhóra d’ábhar eile mar phostaeir agus fógráin. Ar coimeád chomh maith, tá carn ollmhór eile d’eolas faoin gceol, idir chomhaimseartha agus stairiúil, arna eagrú ar chatalóga, ar innéacsa agus ar stocliostaí uathúla ríomhaire. Tá catalógú déanta ar bhreis agus leathmhilliún mír go dtí seo.
Tá an bailiúchán chomh mór agus atá sé inniu de bharr tacaíocht fhorleathan phoiblí óna lán daoine aonair agus óna lán institiúidí. Bunaíodh an Taisce ar an mbailiúchán a thiomsaigh Breandán Breathnach, an t-údar mór ar cheol dúchais na hÉireann a bhásaigh i 1985. Ó shin i leith, fuair an Taisce seilbh ar líon mór de bhailiúcháin speisialta a rinne bailitheoirí príobháideacha as a stuaim féin i dtús báire, agus atá curtha faoi choimirce na Taisce acu anois.
Tá cóipeanna d’ábhar faighte aici ó bhailiúcháin mhóra in institiúidí éagsúla, mar atá, bailiúchán raidió agus teilifíse RTÉ, Raidió BBC, bailiúchán teilifíse TG4, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Leabharlann Bodley, Leabharlann na Comhdhála, Leabharlann na Breataine, Leabharlann Phoiblí Boston, srl.
Is iad príomhranna an ábhair i mbailiúchán na Taisce, atá i mbunchóip nó i gcóip, ná:
| Taifeadtaí fuaime: |
Fiteáin, dioscaí den uile chineál ó 78í go dtí fadcheirníní agus dlúthdhioscaí, téipeanna den uile chineál ó ríleanna go dtí caiséid DAT, comhaid dhigiteacha fuaime i bhformáidí éagsúla |
Ábhar clóbhuailte:
|
Bileoga bailéad agus leabhráin mhangaire, bileoga ceoil, bailiúcháin d'amhráin, de cheol uirlise agus de rincí, staidéir ar an gceol agus ar a chúlra, leabhair thagartha, irisí, agus ábhar neamh-bhuan mar cláracha, catalóga, cártaí poist, bileoga, fógráin, postaeir, agus giorracháin as páipéir nuachta |
| Lámhscríbhinní: |
Lámhscríbhinní ceoil, innéacsanna ar chártaí, nótaí taighde, litreacha, scrioptanna do léachtaí, tráchtais chlóscríofa |
Ábhar Físe:
|
Líníocht, priontaí, grianghraif, claonchlónna, sleamhnáin, miocrascannáin, fístéipeanna, DVDanna, comhaid dhigiteacha físe i bhformáidí éagsúla
|
| Déantáin: |
Uirlisí ceoil, dealbha, suaitheantais, boinn airgid, áilleagáin |
|
|